Seachtain na Gaeilge agus an chrá croí

Tuarascáil Buíochas do Dhia go bhfuil Seachtain na Gaeilge thart. Tá gráin agam ar an ócáid

Tuarascáil
Buíochas do Dhia go bhfuil Seachtain na Gaeilge thart. Tá gráin agam ar an ócáid. Ní hé gur olc liom na hiarrachtaí a dhéanann lucht a heagraithe an teanga a chur i gcuimhne do lucht an Bhéarla. A mhalairt. Tá siad le moladh.

Faraor, éiríonn rómhaith leo cúis an chúpla focal a chur chun cinn. Faraor, is minic an cúpla focal féin bheith in easnamh ar dhaoine agus tosaíonn siad a chrá an Ghaeilgeora is deise dóibh, do cholúnaí ach go háirithe.

Tosaíonn an comhrá mórán mar an gcéanna gach bliain; níl ann ach gur duine nua atá ag cur na gceisteanna. "Here, Paul, you speak Irish, don't you?" "Aidh," a deirim, "cúpla focal."

"Whatadaya mean a couple of words? Don't you get paid for writing Irish?" "Aidh. Sin an ráfla ceart go leor."

READ MORE

"Here listen..." agus leis sin a thosaíonn an phurgóid. "Here listen...I live in a place called Ballybullytullybuggymoreglas. What's that in Irish?"

"Ó, níl a fhios agamsa. Chaithfeá bheith i do shaineolaí ar logainmneacha. Tá aithne agam ar na daoine thuas ar Queen's. Beidh a fhios acusan."

"Whatadaya mean you don't know? Don't you get paid for writing Irish? Here, never mind. Listen. I'm doing this pub quiz..."

"Tráth na gceist."

"Aye, what you said. Who was the High King of Ireland in 1073 AD?" "Á, a fheara, níl a fhios agam. Chaithfeá bheith i do shaineolaí ar an stair."

"Whatadaya mean you don't know? Don't you get paid for writing Irish? Sure, they were all Irish speakers back then. You should know that. Here. Never mind. Listen...I was reading this poem by Peadar Ó Doirnín and I came across this word. What does that mean?" "Á, níl a fhios agam. Chaithfeá bheith i do shaineolaí ar chúrsaí filíochta..."

"Whatadaya mean you don't know? Don't you get paid for writing Irish? Here. Never mind. Listen, we're entering a team for the Scór and we need someone to sing us a song in Irish. What songs do you know?" "Á, a fheara, níl aon eolas agamsa ar amhráin. Chaithfeá..."

"Whatadaya mean you don't know? Don't you get paid for writing Irish? That boy Manchester Magan was right. There's no Irish anywhere. Even the Irish speakers don't speak Irish." Seachtain na Gaeilge? Tá mé ag dul chun na Spáinne ar an bhliain seo chugainn.

Spreagadh scoile

Bunaíodh Gaelscolaíocht Éireann (GSÉ) i mí Lúnasa 2006 agus seoladh an t-eagras go hoifigiúil ar an Chorr Chríochach, Co Thír Eoghain, inné.

Is é is aidhm leis an togra comhoibriú a spreagadh in earnáil na gaelscolaíochta idir Tuaisceart Éireann agus contaetha cois teorann: Sligeach; an Cabhán; Muineachán; Lú; Liatroim agus Dún na nGall.

Dúirt príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann, Seán Ó Coinn: "Ainneoin go bhfuil oiread de rudaí comónta ag na hearnálacha thuaidh agus theas ní raibh mórán de chomhoibriú ná malartú smaointe eadrainn san am a d'imigh.

"Táimid ag cur chun tosaigh na teanga céanna, táimid ag plé leis na dúshláin chéanna, tá aon fhís amháin againn agus is ionann ár gcuid spriocanna. Mar sin de, is den chiall go mbeimis ag déanamh oiread den obair seo ar bhonn comhordnaithe agus is féidir."

Dúirt a chomhleacaí sa Phoblacht, ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna Teo, Bláthnaid Ní Ghréacháin, go raibh "malartú saineolais, smaointe agus na cleachtais is fearr ríthábhachtach do rath an togra. Cuireann GSÉ guth láidir ar fáil i dtabhairt le chéile na bpríomhpháirtithe leasmhara i réimse na Gaelscolaíochta."

Cuirfidh GSÉ rompu: faisnéis ar bheartais agus ar chleachtas a thabhairt agus a mhalartú; seirbhísí straitéiseacha a spreagadh agus soláthar seirbhísí áitiúla a mhéadú.

Dámhachtain

Bhronn Leas-Ardmhéara Chomhairle Chathair Átha Cliath, Aodhán Ó Ríordáin, seic €4,000 ar bhuaiteoir Dhámhachtain Uí Chadhain, Rosanna Lyons, i Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is bean óg 27 bliain d'aois as Fionnghlas, Baile Átha Cliath, í Lyons ach ní raibh ar a cumas bheith i láthair agus ghlac a deirfiúr, Brigette, thar a ceann é.

Bliain ó shin, mar chuid de chomóradh chéad bliain an Chadhnaigh a bheartaigh Iontaobhas Uí Chadhain, i gcomhair le Comhairle Chathair Átha Cliath agus leis an iris Comhar, dámhachtain bhliantúil a bhronnadh ar scríbhneoir óg, nár foilsíodh saothar dá chuid cheana agus a bhí ina chónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Comórtas gearrscéil a bhí i gceist agus cé gur bheag líon na ndaoine a chuir isteach air anuraidh bhí an caighdeán an-ard, a dúirt eagarthóir Comhar, Micheál Ó hUanacháin.

Bhí an scéal a bhuaigh an duais Tuairisc Chatha i gcló in eagrán mhí Eanáir de Comhar.

Polasaí Gaeltachta

Tá Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag eagrú comhdháile ar an téama "I dTreo Polasaí Oideachais Ghaeltachta" in Óstán Chósta Chonamara, na Forbacha, Co na Gaillimhe, idir an Chéadaoin 18ú agus an Aoine 20ú, Aibreán.

Beidh polasaí Gaeilge sa scoil Ghaeltachta, oiliúint agus forbairt ghairmiúil múinteoirí, struchtúr oideachais na Gaeltachta agus an scoil agus an pobal faoi chaibidil. Beidh seisiúin ar leith leis na haoichainteoirí, plé ar an taighde is déanaí agus ceardlanna oibre.

I measc na gcainteoirí, beidh Peadar Ó Flatharta, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Joe Mac Donnchadha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh. Beidh cainteoirí as an Bhreatain Bhig agus as Ceanada i láthair fosta.

Eolas: 01-6340831 nó 091-503170

áitiúil local - cuisle pulse - dámhachtain award

earnáil sector - saineolaí expert - togra project