Seachtain spraoi

Sheol Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, Clár Náisiúnta Sheachtain na Gaeilge i mBaile Átha Cliath oíche Luain…

Sheol Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, Clár Náisiúnta Sheachtain na Gaeilge i mBaile Átha Cliath oíche Luain.

Beidh an tseachtain ar siúl idir Dé Luain 10ú agus Dé Luain 17ú Márta agus tá Conradh na Gaeilge ag eagrú imeachtaí teanga, ceoil agus damhsa ar fud an oileáin lena linn. Tá clár ama dátheangach a bhfuil cur síos ar na himeachtaí ar fud foilsithe ag an Chonradh. Eolas: 01-4757401