Seirbhis De

Beidh seirbhís Ghaeilge idirchreidmheach paidreoireachta agus ceoil, 'Tugaim mo shíocháin daoibh', ar siúl in Ardteampall Chríost…

Beidh seirbhís Ghaeilge idirchreidmheach paidreoireachta agus ceoil, 'Tugaim mo shíocháin daoibh', ar siúl in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath, seachtain ón Aoine ag 8 p.m.

Is é an tAthair Leon Ó Giolláin, SJ, a bheidh ina sheanmóirí. Is mar chuid de Sheachtain na hAontachta Críostaí a bheidh an tseirbhís ar siúl agus Cumann Gaelach na hEaglaise atá ina bun.