Seoirse, Criostai

An Teach Bán, Washington, DC; bhí Seoirse Dubya faoi smúit

An Teach Bán, Washington, DC; bhí Seoirse Dubya faoi smúit. D'ainneoin gurb é an fear ba chumachtaí ar domhan é, bhí gruaim air nach dtiocfadh leis an US Marine Corps féin a ruaigeadh.

Bhí an diabhal sin Kerry i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil air i ndíospóireacht agus bhí na diabhail eile sin Kerry i ndiaidh a gcrúba a fháil ar Sam Maguire. Níor thaitin sin leis. Sa deireadh, ghlaoigh sé ar a chairde cléibh, Donny agus Dick, lena gcomhairle a iarraidh.

"Cad é atá ort, a uachtaráin?" a d'fhiafraigh siad de.

"A leithéid seo," a dúirt Seoirse, "tá a fhios agaibh gur Críostaí mé."

READ MORE

"An Críostaí is cumhachtaí ar domhan," a dúirt Donnie.

"Sea," a dúirt Dick, "níl airm núicléacha ag an Phápa."

"Bhuel, bhí mé ag léamh mo Bhíobla agus tháinig mé ar chúpla rud a chuir ag machnamh mé faoi chás na hIaráice. Amharc air seo: ná déan marú; ná santaigh cuid do chomharsan agus ná déan goid. Baineann siad le rud ar a dtugtar na Deich nAithne."

Ní raibh Dick ná Donnie róshásta seo a chluinstin. Thug siad orduithe don CIA roimhe seo leagan ciorraithe den Bhíobla a chur ar fáil don uachtarán, Bíobla nár luaigh ceann ar bith de na haitheanta.

"Bhuel, em, mar seo atá sé," a dúirt Donnie. "níl tú ag santú cuid na gcomharsan san Iaráic mar ní comharsana dár gcuid iad muintir na hIaráice. Tá siad na mílte míle ar shiúl uainn ar an taobh thoir den domhan."

"Agus níl tú ag goid ón Iaráic mar go bhfuil muid ag tabhairt praghas - ahem - réasúnta dóibh as a gcuid ola," a dúirt Dick.

"Agus níor mharaigh tusa duine ar bith," a dúirt Donnie sotto voce, "daoine eile a rinne an marú...duit" .

"Feicim," arsa Seoirse.

"Tá gruaim ort go fóill?"

"Tá, ar an ábhar seo. Is annamh a léim rud ar bith agus is annaimhe arís a léim rudaí a thuigim. Shíl mé gur thuig mé na Deich nAithne mar go raibh siad chomh simplí sin agus anois is léir nach dtuigim."

"Ó, ná bíodh imní ar bith, a uachtaráin," a dúirt Dick, "ní thig leis an Chríostaí is cumhachtaí ar domhan rud chomh deacair leis na Deich nAithne a thuigbheáil."