Síomón sna laethanta a bhí

BEOCHEIST: “MÁ FHANAIM ag obair anseo beidh fuath agam do na trúáin bhochta

BEOCHEIST:"MÁ FHANAIM ag obair anseo beidh fuath agam do na trúáin bhochta." Máire a dúirt an méid sin liom agus í ag tagairt do na daoine san Simon Community a raibh sí ag tabhairt aire dóibh le breis is bliain.

Oibrí deonach lánaimsearach í agus bhí sí spíonta is caite amach. Dearcadh eile ar fad a bhí ag John, oibrí páirtaimsearach, ní raibh an fhreagracht chéanna air siúd.

Dar leis, thug a sheal féin i Simon tuiscint dó ar fhocail Fhroinsias Assisi nuair bhí seisean ag cur síos ar an lúcháir a líon a chroí nuair chuir sé a lámha timpeall ar na lobhair.

Difríocht dearcaidh ach ní raibh idirdhealú ná difríocht ar bith idir obair na beirte ó thaobh fiúntais de. Chloíodar araon le fealsúnacht Anton Wallich-Clifford a bhunaigh Clann Shíomóin i Londain i 1963 (tháinig an eagraíocht go hÉirinn i 1969) agus a dúirt gur cheart glacadh le daoine mar a bhí siad agus ní mar ba chóir dóibh bheith, dar leat.

READ MORE

Chaith Niall Crowley, iar-phríomhfheidhmeannach ar an Údarás Comhionannais, ceithre bliana mar oibrí deonach le Simon. Ina leabhar Empty Promisesdeir sé gur dhein a chúlra compordach meánaicmeach é a scarúint ó réaltacht na héagothroime is an bhochtanais.

Thug Simon deis dó éalú ón oidhreacht sin sa tslí go raibh sé ábalta aithne a chur ar phobal nach raibh dídean acu. Bhí sé in ann dul i dteagmháil, ar bhealach teoranta gan dabht, le daonnacht agus le heisiamh na ndaoine agus lena streachailt leis an saol. “Politicising experience,” a thug Crowley ar an tréimhse sin ina shaol.

Iarchathaoirleach de chuid Simon is ea Pat Normanly. Inniu is bainisteoir comhionnanais agus fobairt foirne í le Bus Átha Cliath. Dar léi, sna 1970í bhíodh an cur chuige deonach an-tábhachtach le dul i ngleic leis an easpa mhóra seirbhísí a bhí ag goilliúint go mór orthu san a bhí gan dídean.

“B’fhéidir nach raibh an chabhair a thugamar comhsheasmhach ach i gcomhthéacs na linne thugamar spás is muintearas do dhaoine gan dídean a thug deis dóibh a saol a athrú chun maitheasa. Chomh maith leis sin, bhímis go láidir i mbun feachtais ar son athraithe shóisialta.”

Bhíodh gach éinne páirteach sna feachtais sin. B’eagraíocht bheo, bhríomhar, dhúshlánach í Simon, bhí aithne fhorleathan ag an chosmhuintir orainn. Cúis áthais dom bheith im’ bhall de Simon, níl aiféala ar éinne gur chaitheadar seal le Síomón.

Bhí gach éinne gur labhair mé leo ar aon aigne go raibh tionchar mór tábhachtach ag Simon orthu. Caithfidh go raibh, arsa Pádraic Kenna, léachtóir le dlí i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh: “Nár chaitheas ocht mbliana im’ stiúrthóir ar chumann tithíochta!”

Ag féachaint siar dó deir Kenna gur tréimhse spreagúil ina shaol é an tamall a chaith sé le Simon. “Bhíomar ábalta feidhmiú ar ár gconlán féin. Ní raibh an córas bainistíochta thar moladh beirte agus nuair a bhí sé mhí curtha isteach agam bhíos spíonta idir anam is corp.

“Rud eile, bhíos im’ dhéagóir ag an am agus ní raibh sé cóir ná cothrom go raibh ar dhaoine mar mise feidhmiú mar shaghas oibrí sóisialta.”

Chonaic Normanly feabhas ag teacht ar chúrsaí dídine le blianta beaga anuas ach is eagal léi go bhfuil an dul chun cinn sin á chreimeadh ag na ciorraithe sa chaiteachas ar sheirbhísí sóisialta. Baol ann leis nach mbeifear ábalta straitéisí maidir le heaspa dídine a chur i bhfeidhm.

Ar an taobh eile deir Kenna gur tháinig méadú mór ar mhaoiniú na ndreamanna a bhíonn ag plé le daoine gan dídean: “Tá ceisteanna le freagairt.” Ceann acu ná cén fáth nach bhfuil fadhb na dídine leigheasta i bhfianaise an airgid a cuireadh ar fáil?

Faoi láthair, dar le Kenna, tá Simon ceangailte leis an gcóras rialtais áitiúil. Dar le Normanly, níl an eagraíocht chomh láidir anois is a bhíodh ó thaobh na bhfeachtas a bhíodh ina gcuid lárnach d’obair Simon.

Is dócha nach féidir le Simon bheith chomh neamhbhalbh sin más cuid den gcóras oifigiúil anois é? Ábhar machnaimh is díospóireachta.

Ní féidir liom cuimhneamh ar dhuine ar bith de na seanfhondúirí a bhfuil baint aici nó aige le Simon an lae inniu. Bheadh sé spéisiúil a fháil amach cén fáth gur imíodar.

Ach tá na céadta iaroibrithe de chuid Simon sa tír seo. Creidim go bhfuil an t-idéalachas fós beo ionainn agus go bhfuil gá leis an dea-thréith sin ar son daoine imeallacha. Nár bhreá an brúghrúpa a bheadh ionainn ar son na córa is na féile?

Dhéanfaimis maith. Ach cur chuige.