Slan le Breandan

Tá eagarthóir Foinse, Breandán Delap, ag éirí as a phost leis an nuachtán agus ag dul go TG4 mar chlár-eagarthóir, post sinsearach…

Tá eagarthóir Foinse, Breandán Delap, ag éirí as a phost leis an nuachtán agus ag dul go TG4 mar chlár-eagarthóir, post sinsearach le seirbhís nuachta an stáisiúin.

Tá sé bliana go leith caite ag Delap le Foinse agus is é an chéad eagarthóir a bhí riamh ag an nuachtán.

Is ar son na nuachta, seachas ar son na cúise, a léann daoine Foinse. Beidh cuimhneamh ag go leor léitheoirí ar an ísle bhrí ina raibh cúrsaí iriseoireachta clóite i ndiaidh gur theip ar Anois.

Tá Delap, úinéir an pháipéir Pádraig Ó Céidigh agus a bhfoireann le moladh as an dóigh ar chuir siad bun úr faoin iriseoireacht chlóite. Bhí caighdeán ard nuachta leis an pháipéar ón chéad eagrán. Is é, gan cheist, an nuachtán Gaeilge is fearr a bhí ann le fada fada an lá.

READ MORE

Is é an neamhspleáchas an tréith is deacra atá le baint amach ag foilseachán (agus ag iriseoir), is é sin, go n-aithníonn do léitheoirí nach ionann an teanga chéanna bheith in úsáid agaibh agus an meon céanna bheith agaibh faoi gach rud. D'éirigh le Foinse, faoi eagarthóireacht Delap, an neamhspleáchas sin a bhaint amach.

Is páipéar é a aithníonn na taoidí polaitiúla agus cultúrtha uilig ach nach bhfuil faoi anáil aon pháirtí ar leith. Ní den pharóiste cúng é agus ní nuachtlitir thar ceann na n-eagras teanga é - is den oileán é.

Tá Delap le moladh as sin. Is caill do Foinse é bheith ag imeacht ach deis atá ann fosta cur leis an nuachtán agus forbairtí nua a chur i gcrích. Is iomaí dúshlán a bheidh roimh an eagarthóir nua ach tá struchtúr an nuachtáin slán; tá foireann iontach ábalta ann agus tá beocht san fhiontar.

Ach duine cumasach eile a fhostú - agus margaíocht níos fearr a dhéanamh air - níl fáth ar bith ann nach bhfanfadh an scéal amhlaidh go ceann i bhfad. Is iriseoir cumasach é Delap. Cuirfidh an cumas sin go mór le Nuacht TG4. Is méanar don stáisiún.