Sluaite anoir

Crobhingne: Samhlaím anois iad amuigh ansin ar imeall an domhain

Crobhingne: Samhlaím anois iad amuigh ansin ar imeall an domhain. Nó ar imeall na hEorpa, más mian leat, mar is ionann iad. Tá siad amuigh ansin ina gcuid prochóga agus bothóga agus bathalóga tí.

An braon anuas orthu, an mhuc sa chistin, an chearc ar gor ar an díon lasnairde, agus an píce sa tuí. A gcuid ceirteacha á mbailiú cheana acu le cur in airde ar an trucail, an carbhán á réiteach chun gluaiste, agus an tórramh Éireannach á ullmhú.

Tá siad amuigh ansin ina gcéadta míle gan áireamh, pas an dóchais i mbos amháin agus an Rough Guide to Ireland sa cheann eile. Is iad atá ag feitheamh agus ag fuireacht le fonn ar son teacht na Bealtaine nuair a bheidh an t-airgead ag dul chun síneadh agus nuair a ardóidh siad a seol go dtí an tír tairngre ar íor na Spéire. Is cuma iad nó Mil Easpáine agus a chomplacht a chonaic an aisling úd in Inbhear Scéine na mílte bliain ó shin agus a rinne gabháltas agus concas ar na fíorbhundúchasaigh thuata i gCiarraí a bhfanann an dé i gcuid acu i gcónaí.

Ní amadáin iad, agus ní amadán í ár nAire um Chosaint na Tíre in aghaidh Scroblach Daoine. Ní amadáin iad na sluaite anoir mar is amhlaidh go bhfeiceann siad go soiléir an seic breá ramhar a bheidh ag fanacht leo ag deireadh an aistir. Ní seic, agus ní saol go dtí é. Port a bhualadh anseo, suí ar do thóin breá Eastóineach/Laitviach/Slóvacach, bíodh do rogha phrompa agat, agus titfidh na húróchaí go fras agus go pras isteach id ghlaic. Ní seic Seiceach atá ann, pé ar domhan é, ná múlá Máltach, ná pinginí Polainneacha.

READ MORE

Is maith mar a aithníonn ár nAire atá ar talamh é sin. Níl sí dall ar an stair, agus gurb oidhrí iad seo ar shluaite Gheingís Khan, agus ar an Impireacht Otamánach, nó rud éigin mar sin, abair, a tháinig anoir chun slad a dhéanamh orainn cheana. Is fíor nach bhfuil craiceann gorm orthu, ach mar sin féin, tá a fhios agat, nod agus sonc agus faiteadh na súl. Cruthaíonn an stair, má chruthaigh sí rud ar bith riamh thar amhras anonn, go bhfuil poll mór amuigh ansin i mball éigin idir Plovdiv agus Poltava, agus gurbh aisti a tháinig Turcaigh agus Maigeáraigh agus Bulgáirigh agus réamhCheiltigh agus Túdairtiútanaigh agus Hindieorpaigh agus na Slabaraigh anois atá ag bagairt orainn. Agus mura bhfuil stair féin á teagasc sna scoileanna, is féidir í a léamh ar líne.

Agus is maith mar a thuigeann sí an phrátaphrólatáireacht as a dtángamar féin. Ní móide gur cheart go mbeimis sásta le socrú inimirceach ar bith a ghlacfadh linn féin. Aithnímid go maith cineál ár dturasóirí leasmhara. Mar is sinn a bhí ann inár gcábóga is inár n-aineolaigh ainspianta agus is maith mar is eol dúinn gur bhreallsúin go héag na daoine a thug bheith istigh dúinn. Agus is maith, leis, nach maith, nach mbeidh orainn dul ag iarraidh na déirce níos mó?

Thar aon ní eile tá baol na ngiofóga ann. Tá trioblóidí dár gcuid féin againn lenár lucht siúil, gan a bheith ag tincléireacht le dream ar bith eile thar charbhán isteach. Na Naitsithe féin, níor éirigh leo an fhadhb a réiteach, agus bhí plean an-chinnte agus ollchuimsitheach agus uileghabhálach acu. Dá mba rud é gur éirigh leo, ní bheadh orainne cur suas leis an gcine cáidheach céanna. Dá éamais sin, cad a tharlódh dá dtiocfadh na giofóga ar fad, idir dhúchasach agus allúrach, i dteannta a chéile in aghaidh na muintire socaire in aon chomhghuaillíocht amháin? Dona go leor is ea ár gcuid lucht taistil féin a bheith ag bruíon agus ag achrann lasmuigh agus laistigh de thithe tábhairne agus de chlubanna oíche agus ag ciceáil daoine ar an talamh, gan na giofóga isteach a bhac in aon chor.

Tá an ceart ar fad ag an Rialtas an falla cosanta seo, an falla cosanta a dheimhneoidh nach mbeidh na sluaite anoir ag creimeadh agus ag tál ar ár gcuid seirbhísí leasa sóisialaigh. Ós ní é gurb Eorpaigh sinn le fada, tá dulta amach againn ar na héagsúlachtaí idir daoine. Tá Eorpaigh agus Eorpaigh ann, mar adéarfá. An chuid dheas a chuaigh amach ag scaipeadh an tsolais sna póirsí dorcha dí-eola ar fud na cruinne, agus an chuid a d'fhan sa bhaile ag cnáfairt a coda féin le teann leithleasachta.

Dá scaoilfí sluaite Gheingís Khan isteach cé a thiocfadh sa tsruth ina ndiaidh? Fir bhuí, mná slitíshúileacha, daoine gorma, neacha corcra, pearsana piteánda, ultima túlaigh, meiriceánaigh ó mhars...?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar