Sneachta saorga na nAlp

Beocheist/Torlach Mac Con Midhe: Gunnaí móra sneachta, nó canuns da neiv sa Rómainis: feicfidh tú i ngach áit sna sléibhte iad…

Beocheist/Torlach Mac Con Midhe:Gunnaí móra sneachta, nó canuns da neiv sa Rómainis: feicfidh tú i ngach áit sna sléibhte iad ina bhfuil turasóireacht an gheimhridh ar siúl ann. Déanann siad sneachta as uisce agus caitheann siad amach ar an talamh é.

Úsáideann siad an t-uafás uisce, ní mór a rá. Ach murach iad, ní bheadh mórán scíála ar fáil sna hAilp anois. Sneachta saorga! Ní hé nach dtiteann sneachta ón spéir, ach ní thiteann a dhóthain do lucht scí, agus ní féidir brath air ó sheachtain go seachtain.

Tá athrú na haeráide ar siúl sna hAilp mar i ngach áit eile. Feictear sin ar an gcéad dul síos ó leá na n-oighearshruthanna. Tá cuid de na hoighearshruthanna is mó agus is cáiliúla ar domhan sna hAilp.

Tá siad ag imeacht go mall. Tá grianghraif ann de na hoighearshruthanna le 100 bliain anuas, agus tá an meath soiléir. Tá oighearshruth amháin, Suretta, anseo i gCantún na Grisons, cuir i gcás, a bhfuil 700 méadar caillte aige le blianta beaga anuas agus tá sé ag titim as a chéile anois!

READ MORE

Ní thógfá na hathruithe faoi deara má tá tú i do chónaí anseo ar feadh roinnt blianta fiú, ach na daoine a d'fhás aníos sa taobh seo tíre, is léir dóibh na hathruithe ón am go rabhadar féin óg go dtí an lá atá inniu ann.

I Laax, mar shampla, áit mhór scíála atá 1,000 méadar os cionn na farraige, thagadh an sneachta anuas go dtí an baile sa gheimhreadh tráth dá raibh. Anois bíonn ar lucht scí dul i bhfad suas ar an sliabh go dtí go bhfaigheann siad sneachta.

Ní bhíonn sneachta ann sa gheimhreadh ach tar éis na Nollag thíos sa ghleann agus sa chathair. Ar an taobh eile, bíonn na samhraí damanta te anois - beagnach mar a bhíonn san Iodáil. Thíos sna gleannta, is minic an teocht bheith sna 30í.

Tá lucht na Rómainise buartha faoi athrú na haeráide - chomh maith le gach rud eile atá ag bagairt ar a dteanga agus a ndúchas. Ní dhéanann sé aon dochar don talmhaíocht go dtí seo; cé go mbíonn aimsir "aisteach" ann go minic a chuireann as do na feirmeoirí.

Mar shampla, bíonn níos mó maidhmeanna sneachta agus maidhmeanna talún ann anois ná mar a bhí riamh. Agus bíonn teaspacht agus triomacht ann sa samhradh. Ach is léir go ndéanfaidh athrú na haeráide dochar don turasóireacht ach go háirithe.

Nuair a deir tú turasóireacht i limistéar na Rómainise, tá tú ag caint faoi thurasóireacht an gheimhridh, .i. scíáil. Líonann na turasóirí na tithe ósta. Tá a lán tithe saoire acu ann freisin. Bíonn turasóireacht áirithe ann sa samhradh, ach níl an oiread sin airgid ag baint léi.

Táthar ag iarraidh machairí gailf a chruthú, ach níltear róchinnte an meallfaidh an galf turasóirí eachtracha nár tháinig riamh roimhe sa samhradh. Má thagann deireadh leis an scíáil beidh deireadh leis an turasóireacht.

Íoróin searbh go leor is ea é go raibh lucht na Rómainise buartha faoi theacht na turasóireachta 100 bliain ó shin. Chuirfeadh sí as don mhuintir, deirtí; bheadh an teanga i mbaol; agus nuair a tógadh teach ósta ar an bhaile bhí deireadh leis an seansaol, mar dhea.

Inniu, dá mbeadh deireadh leis an turasóireacht, thitfeadh an tóin as eacnamaíocht an réigiúin, ós rud é nach bhfuil go leor airgid le déanamh ón bhfeirmeoireacht amháin anois. Má tharlaíonn sin, ní bheidh i ndán do na daoine ach an imirce - go dtí na bailte móra. Beidh an tuath bánaithe agus is dócha go mbeidh deireadh leis an Rómainis féin.

An féidir na hAilp a shamhlú gan sneachta? Na daoine ag cuimhneamh ar an scíáil mar spórt a chleachtaítí fadó san stair? Ach ní féidir bheith cinnte cad a éireoidh amach anseo don aeráid domhanda. Tá an dochar déanta agus á dhéanamh ag an duine, ach gan a fhios aige le fírinne cén chinniúint atá i ndán dó féin agus don chruinne ar fad.

Tá sé thar a bheith cinnte go bhfuil uair na cinniúna ag teacht; b'fhéidir go bhfeicfeadh daoine atá óg anois an tubaiste ina ré féin. Ach níl rud ar bith fiúntach á dhéanamh againn ina coinne. Tuigimid go maith go bhfuilimid ar bhealach ár mbasctha, ach ní bhíonn an gnáthdhuine san Eoraip róbhuartha faoi, gan trácht ar Mheiriceá.

Fiche bliain ó shin, bhí feachtas ar siúl ar fud an domhain chun cosc a chur ar an gcogadh núicléach. Thuig daoine go raibh deireadh le ré an duine dá mbeadh a leithéid ann. Cathain a thuigfidh muintir an domhain go bhfuil tubaiste comhshaoil ag teacht?

Nuair a fheicimse sneachta saorga ar na hAilp, tuigim nach bhfuil an tubaiste i bhfad uainn.