Sprioc scrúdaithe

IS Í an Aoine, 11ú, Márta, an spriocdháta d’iarratais do sheisiún scrúdaithe Theastas Eorpach na Gaeilge, a scríobhann Pól Ó …

IS Í an Aoine, 11ú, Márta, an spriocdháta d’iarratais do sheisiún scrúdaithe Theastas Eorpach na Gaeilge, a scríobhann Pól Ó Muirí. Beidh ionad scrúdaithe ag lucht eagraithe an teastais – Ionad na dTeangacha, Má Nuad – i mBéal Feirste i mbliana den chéad uair riamh mar aon le hionaid eile ar fud na hÉireann.

Is cáilíocht é an teastas d’fhoghlaimeoirí fásta atá aitheanta in Éirinn agus thar lear. Tugann an scrúdú deis don fhoghlaimeoir an teanga a fhoghlaim ar bhealach grádaithe agus tá sé dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a scileanna teanga nó ar dhaltaí meánscoile atá ag iarraidh cáilíocht bhreise a bhaint amach.

Eolas: www.teg.ie