Stádas oifigiúil

TÁ AN comhlacht oideachais, Gaelchultúr, i gcuideachta Óstaí an Rí, le cúrsa ullmhúcháin lánaimseartha a reáchtáil do chainteoirí…

TÁ AN comhlacht oideachais, Gaelchultúr, i gcuideachta Óstaí an Rí, le cúrsa ullmhúcháin lánaimseartha a reáchtáil do chainteoirí Gaeilge. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh postanna mar dhlítheangeolaithe san Aontas Eorpach anois ó tá an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre ann.

Caithfidh céim nó nó cáilíocht ghairmiúil dlí (BL nó Solr) bheith ag gach iarrthóir agus caighdeán maith Gaeilge labhartha agus scríofa. Níl táille ar bith i gceist don chúrsa agus beidh liúntas maireachtála ar fáil agus liúntas lóistín do dhaoine nach gcónaíonn i mBaile Átha Cliath.

Tá an cúrsa le tosú Dé Luain, 9ú Meitheamh i mBaile Átha Cliath agus caithfidh gach iarratas bheith faoi bhráid Óstaí an Rí faoin Aoine, 30ú Bealtaine, 2008. Eolas: sarah.macdonald@kingsinns.ie