Stadas oifigiuil

Bhí seachtain ghnóthach ag Stádas agus iad ag brú ar aghaidh lena bhfeachtas teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Aontas…

Bhí seachtain ghnóthach ag Stádas agus iad ag brú ar aghaidh lena bhfeachtas teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Aontas Eorpach. Bhuail siad leis an Aire sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, an Chéadaoin seo caite lena gcás a phlé.

Dúirt Ó Cuív go raibh "cur síos an-soiléir" faighte ag an Rialtas faoi chás na Máltaise ón Choimisiún Eorpach agus, bunaithe air sin, níor chreid an Rialtas gurbh ionann a cás agus cás na Gaeilge. Dúirt sé fosta gur chreid an Rialtas dá n-éileodh siad stádas oifigiúil don Ghaeilge ar an bhonn céanna leis an Mháltais go ndiúltófaí é.

Bhí "ciall le cur chuige" an Rialtais agus ba ghá an "obair bhaile" a dhéanamh roimh ré sula ndéanfaí iarratas oifigiúil.

Bhí an Rialtas ag scrúdú an raibh dóigh ar bith ann le "breis gradaim agus éifeachta" a lorg don teanga trí ateangaire a chur ar fáil, trí dhoiciméidí a aistriú agus trí acmhainní aistriúcháin a fheabhsú.

READ MORE

Bhí "dul chun cinn áirithe déanta mar atáimid" ach bhí tuilleadh oibre le déanamh. Chuir sé spéis i dtairiscint Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, ar Foinse na seachtaine seo go dtiocfadh leo cuidiú ó thaobh cúrsaí aistriúcháin de: "Beimid i dteagmháil leo."

Bhí an Rialtas "dírithe ar an bhealach is praiticiúla leis an dul chun cinn is fearr" a dhéanamh. Bhí rún acu cruinnithe rialta a eagrú le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cás na teanga san Aontas a phlé.

Dúirt urlabhraí thar ceann an ghrúpa Stádas, Aoife Ní Scolaí, go raibh siad "sásta go leor" leis an choiste idir-ranna a bhí bunaithe ag an Rialtas. Bhí beirt as Roinn an Taoisigh, beirt as an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus beirt as an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le bheith air, rud a léirigh go raibh an Rialtas "dáiríre" faoin cheist.

Tugadh le fios dóibh go n-ullmhódh an coiste tuairisc a bheadh réidh roimh an chéad lá de mhí na Bealtaine. Leanfadh Stádas ar aghaidh leis an fheachtas agus ag cur eolais ar fáil. Bhí sí "dóchasach" go mbainfí stádas oifigiúil amach.

Bhí cruinniú ag Stádas le Sinn Féin an tseachtain seo caite fosta. Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí, Aengus Ó Snodaigh, i bpreasráiteas nár cheart don Rialtas úsáid a bhaint as an choiste idir-ranna "mar chúis moille. A mhalairt ar fad - ba chóir don Rialtas aontú anois i bprionsabal le stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge a fháil agus an próiseas a chur i bhfeidhm chun go mbeadh an Ghaeilge ar comhcéim leis na teangacha eile atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach Lá Bealtaine. Beidh an t-éileamh sin á chur go leanúnach againn chun an Rialtais."