Stair na hÉireann?

Is é Stair na hÉireann - cineál! teideal an tseó is nuaí ó Fhíbín, comhlacht amharclainne drámaíochta atá lonnaithe i gConamara…

Is é Stair na hÉireann - cineál! teideal an tseó is nuaí ó Fhíbín, comhlacht amharclainne drámaíochta atá lonnaithe i gConamara.

Is i Meán Fómhair 2003 a bunaíodh an compántas, a dúirt duine de na bunaitheoirí, Alastair Mac Aindreasa, agus fuair siad urraíocht ó Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Tá siad ag forbairt coincheap úr in amharclann na teanga trí phuipéid a úsáid. Tá siad díreach i ndiaidh camchuairt ar na coláistí samhraidh a chríochnú agus seo anois an dara seó uathu: Stair na hÉireann - cineál!

"Léiriú lánluais luaineach" ar stair atá ann, a dúirt sé, agus cé go dtosaíonn an gnó ar fad 9,000 bliain roimh Chríost, ní mhaireann an seó féin ach trí cheathrú uair an chloig:

READ MORE

"Scinneann siad leo trí na haoiseanna, in amthuras de gheáitsíocht ghreannmhar, tiontaíonn Fíbín leathanaigh Stair na hÉireann, ag athbheo scéalta na ngaiscíoch Ceilteach a fhad le hÉirinn an lae inniu.

"Fad an bhealaigh cuirfidh an lucht féachana aithne ar mhórphearsana dathúla - Pádraig, Brian Bóraimhe, na Lochlannaigh, na Normannaigh, Oilibhéar Cromail, Liam órshnáithe Oráisteach, Wolfe Tone, Éamann De Rís, Séarlas Gabánach Ó Dufaigh, Ó Coileáin, De Valera, Dana - agus níl ansin ach cuid acu."

Is i nGaeilge beagnach ar fad atá an seó, a dúirt Mac Alastair, ach tá an t-ábhar dírithe ar ghníomhaíocht agus tuigfidh daltaí an dráma. fiú mura bhfuil siad go hiomlán líofa.

Níl de dhíth ar Fhíbín ach halla mór le Stair na hÉireann - cineál! a chur ar stáitse - sin agus cuireadh. Eolas: 086-8234367; fibin@eircom.net nó www.fibin.com