Struga na filíochta - cuimhneoidh mé go brách ort!

STRUGA, CUIMHNEOIDH mé go brách ort

STRUGA, CUIMHNEOIDH mé go brách ort. Thug an eagraíocht mhóraigeanta Cultúr Éireann praghas an ticéid dom agus thuirlingíos mar a bheadh eala ionam ar rúidbhealach Aerfort Alastair Mhóir, i Scóipé (Skopje) na Macadóine.

Gnó nó pléisiúr, arsa fear na bpasanna. Filíocht, a deirimse. Brúitear scata filí isteach i mionveain agus as go brách linn. Feicim reilig seanghluaisteán lasmuigh den aerfort, na gluaisteáin tachta ag deannach an tsamhraidh. Táimid go léir inár sairdíní istigh sa veain ar ár slí go baile cois locha le haghaidh Féile na dTráthnónta Filíochta in Struga.

Leabhar nótaí ag an bhfile Cumannach Francis Combes, ón bhFrainc, agus rud éigin rúnda á bhreacadh síos aige. An saothar is déanaí ón ngníomhaíoch seo ná stair réabhlóidí i bhfoirm véarsaíochta. Sin smaoineamh anois dár bhfilí féin sa bhaile. Nach bhfuil ár ndóthain réabhlóidí againn is gan cur síos ceart fileata orthu go fóill?

Lár Lúnasa. Sléibhte. Cocaí féir. Feochadáin. Arbhar. Leanaí nochta, Giofóga is dócha, nó Roma mar is cóir a rá. Tugtar a gceart do na Roma sa Mhacadóin. Tá dhá chainéal theilifíse dá gcuid féin acu! Cuimhnigh ar a leithéid d’áis a bheith ag an Lucht Taistil seo againne.

READ MORE

An chéad rud a thugaim faoi deara ar an mbóthar fada go Struga ná easpa séipéal. Miontúir na Moslamach ag síneadh chun na spéire. Tar éis uair an chloig nó mar sin, radharc ar shéipéil. Sléibhte gach áit, níos airde ná mosc ar bith, ná séipéal ar bith, níos cóngaraí do Dhia, leis, is dócha. Sa deireadh, Struga. Loch ag glioscarnach. Na sléibhte ann á bhfuarú féin tar éis bhrothall an lae. Gabhann fear thar bráid ar a rothar, mealbhacán uisce faoina ascaill aige.

Buailim le file ón Úcráin, Ilya Kaminsky. Cur amach aige ar Paul Durcan, Rita Ann Higgins, Moya Cannon agus scata eile. Duine d’eagarthóirí Poetry International é, iris bhliantúil ó San Diego State University i gCalifornia. Is beag cur amach atá aige ar fhilíocht na Gaeilge.

Conas a bheadh? Níl bolscaireacht idirnáisiúnta ar siúl againn ná ag éinne eile thar ár gceann ar bhonn seasta leanúnach. Faighim leabhar filíochta uaidh, Dancing in Odessa. Aithnítear go bhfuil instealladh nua á thabhairt aige don Bhéarla, éacht ó eachtrannach a bhí bodhar ó aois a ceathair.

An chéad mhír ar an gclár ná dul go Páirc na hÉigse agus crann a chur. Is é craobh-fhile na bliana seo Lyubomir Levchev, ón mBulgáir, a chuirfidh an crann. Go leor leor searmanas. Bláthanna le leagan os comhair theach na nDeartháireacha Miladinov, bailitheoirí béaloidis. Manglaim le hól i dteannta an Mhéara, lámha na mban á bpógadh, feolta á gcogaint. Níl an file Éigipteach Ahmed Al-Shahawy ag ithe – e ar céalacan Ramadan go ham luí na gréine.

Buailim lem sheanchara, Nikola Madzirov, ógfhile Macadónach, ar chuireas leaganacha dá dhánta breátha ar fáil i nGaeilge i mbliana, Rúnimirce an Anama (Coiscéim). Tá 100 éigin file meallta chun na hócáide seo, eachtrannaigh a leath acu. Na Bulgáirigh ar a sáimhín só; níl difríocht an-mhór idir an Bhulgáiris agus an Mhacadóinis. Nuair a thagann grianghrafadóir chucu, athraíonn a ndreach Bulgáireach, díríonn siad iad féin go stuama agus féachann ar an gceamara; ba dhóigh leat go raibh 20 cogadh feicthe acu.

T’ga za jug ainm an fhíona a óltar anseo, líne filíochta le Konstantin Miladinov (1830-62) a chiallaíonn “Santaím an Deisceart”. I Moscó a chum sé an dán. I bpríosún in Iostanbúl a cailleadh é.

An searmanas oscailte, bratacha ar foluain, tuilsoilse, maighdeana ag iompar tóirsí. Muintir an bhaile go léir amuigh, an spéir ghlé lasta ag tinte ealaíne. Rud mór is ea an fhilíocht i mbaile beag Struga agus beidh leathchéad bliain á cheiliúradh acu an bhliain seo chugainn.

Seimineár mar gheall ar na meáin chumarsáide agus an fhilíocht. Mo chaintse bunaithe ar shliocht as an nóibhille Rasselas, Prince of Abyssinia, le Samuel Johnson, an foclóirí: “He must… content himself with the slow progress of his name, condemn the praise of his own time, and commit his claims to the justice of posterity...”

Labhair Johanna Featherstone mar gheall ar fheiniméan Astrálach ar a dtugtar Pigeon Poetry. Seanmhodh cumarsáide is ea an colúr, ar ndóigh. Is é is Pigeon Poetry ann ná dánta a cheangal de chosa na gcolúr is iad a chur ag rásaíocht ansin. Baineann gné an chearrbhachais leis an obair chomh maith: is féidir airgead a chur síos ar do rogha colúirín fileata.

Thug file as na Scigirí (Oileáin Fharó) píosa cainte uaidh. Agnar Artúverin is ainm dó. Ainm breá. Bíonn ainmneacha breátha ar fhilí áirithe. San eagrán reatha den iris THE SHOp (Uimh. 33) tá dán le file darb ainm Ahimsa T Bodhrán, dán a chorraigh mé.

Ach fillimis ar Agnar Artúverin. Chruthaigh leabhar dá chuid, Filleann Iáivé, scannal ar na hoileáin. Tá siad saghas coimeádach ansin ó thaobh chúrsaí creidimh de, ar seisean liom.

D’inis sé dom faoi leabhar eile dá chuid inar ionsaigh sé na polaiteoirí sin atá ar son an naisc leis an Danmhairg. Níor cheannaigh éinne an leabhar. Éinne in aon chor? Cheannaigh m’aintín cóip, ar seisean. Chuaigh mo chroí amach dó.

Thug an tÍoslannach Sigurdur Pálsson an-chaint uaidh ar an Idirlíon agus an fhilíocht. Níl aon lár ag an Idirlíon, a deir sé. Níl ceanncheathrú aige. Mura bhfuil lár ann níl forimeall ann ach an oiread. Níl an Íoslainn ar an imeall a thuilleadh, ná an Mhacadóin. Go hiontach! Mheabhraigh sé dúinn go raibh an fhís sin ag file as Martinique, Edouard Glissant (é ar ghearrliosta don Duais Nobel sa bhliain 1992). Coincheap an oileánra a mhol Glissant dúinn. Ná smaoinigh ar ilchríocha móra ach ar oileáin bheaga, oileáin ag féachaint i ngach treo ar oileáin eile.

Cabhraíonn an fhilíocht linn, arsa Pálsson, chun an fhís sin a bheith againn. Conas? Deir sé go bhfuil cumhachtaí de gach saghas ann, cumhachtaí airgeadais, cumhachtaí idé-eolaíochta, cumhachtaí polaitiúla atá ag iarraidh sainmhíniú aontoiseach ar fhocail a chur abhaile orainn. Ach cothaíonn an fhilíocht sochaí iltoiseach, a deir sé. Cuireann an fhilíocht i gcoinne mhí-úsáid teanga.

Caitheann Íoslannaigh tréimhsí fada thar lear agus nuair a fhilleann siad tugann siad scileanna nua abhaile leo, sa litríocht, sa drámaíocht, sa cheol agus mar sin de, rud a fhágann Réicivíc ina chathair idirnáisiúnta. I gcás Sigurdur Pálsson, thug seisean aghaidh ar Pháras na Fraince. Deir sé nuair a thug sé faoi Jacques Prévert a aistriú go hÍoslainnis is ea a thuig sé an ealaín a bhí laistiar d’éascaíocht stíle an fhile sin, rud nach raibh acadúlaithe na Fraince sásta a admháil go dtí le déanaí.

Struga, cuimhneoidh mé go brách ort!

I measc na leabhar is déanaí ón údar tá An Dorchadas á Dhó, rogha dánta leis an bhfile Eastónach Kristiina Ehin, an dara himleabhar den díolaim Guthanna Beannaithe an Domhain agus Haiku Enlightenment agus Haiku, the Gentle Art of Disappearing