Suile TG4

An Peann Coitianta: Is do na hinstitiúidí oideachais tríú leibhéil is measa muna bhfreagraíonn siad don staid nua seo agus bunsraith…

An Peann Coitianta: Is do na hinstitiúidí oideachais tríú leibhéil is measa muna bhfreagraíonn siad don staid nua seo agus bunsraith fheidhmeach a chur faoi ábhar léinn na Gaeilge, idirdhealú ó bhonn a dhéanamh idir an teanga chlasaiceach - mo chúlra féin fiú - agus an teanga fheidhmeach.

Bím ag féachaint ar TV5, seirbhís eachtrach theilifís na Fraincise, nuair nach mbeartaíonn an comhlacht cábla í a bhaint go tiarnúil den aer gan cead gan iarraidh. Tharla go bhfaca mé mo sheanchara Bernard Pivot, a bhíodh i mbun an chláir leabhar agus plé Bouillon de Culture, i mbun cláir eile.

Slua ina suí, bailithe i halla, agus mo dhuine ina sheasamh ar ardán ag cur ceisteanna chucu. Cé acu focal a bhí baininscneach? An slua ag scríobh na bhfreagraí. É ag léamh amach sliocht próis chasta don chluas ar dtúis, agus ina dhiaidh sin mar dheachtú. É ráite aige nach gcaillfí marcanna ar phoncaíocht, ná ar mharcanna béime. Seo leis an slua ag scríobh.

Níorbh fhéidir a rá go raibh an clár ar tinneall le teannas, ná go raibh ciútaí grinn á malartú, ach dhein sé staic díom fhéin. Ní heol dom aon tsochaí eile sna hIarthair, a mbeadh sé de chorráiste aici múnla cláir a bhunú ar bhunstruchtúir teanga. Shamhlaíos ar feadh soicind a leithéid de chlár i nGaeilge

READ MORE

Ceann de na cinní polasaí is léir a dheineann lucht riartha TV5, ón uair gur seirbhís theilifíse í atá dírithe ar na Francafóin ar fud an domhain, ná an teanga féin a bheith mar eiseamláir nó mar bhunphointe tagartha dá cuid cláracha.

Dá réir sin, bíonn míreanna gairide acu ar shloinnte Francacha; míreanna chúig nóiméad ar leabhair; fotheidil i bhFraincis nó i dteangacha Eorpacha eile seachas Béarla nó Spáinnis ón seirbhís Aerthéacs acu; míreanna ar nathanna cainte a thaitníonn le daoine ón bhFraincis agus ó theangacha eile, mar shampla, Ungáireach a roghnódh frásaí Ungáirise agus Fraincise chun bliain Eorpach na dteangacha a chomóradh etc.

Iad sin gan na gnáthchraoltaí nuachta agus faisnéise, scannáin agus gnéchláracha a bhac. Saibhríonn na Francaigh go comhfhiosach an uirlis sin acu; fíonn siad snáithín breise san uigeacht iomlán ó lá go lá. Níl fhios agam cén maoiniú a gheibheann siad ó údaráis na Fraince chuige sin, ach tá fhios agam gur bunluach dá gcuid a dteanga féin.

Cara i bPáras a dúirt liom le déanaí go raibh sí ag stocaireacht chun clár nua leabhar a thionscnamh i gcomharbacht ar Bouillon de Culture. Má tá siad mórchúiseach b'fhéidir go bhfuil cúis acu a bheith. Ar aon tslí, léiríonn siad gur féidir cúrsaí casta teanga a láimhseáil go cruthaitheach ar mheán na teilifíse.

Tá feabhas agus éagsúlacht na gcláracha ar TG4 luaite ag cairde liom le déanaí. Braitheann siad úire na súile eile úd sna cláracha. De réir mar a théann sceidil eile chun ainneise agus chun baoithe, lasann snua TG4 le luisne. Tá fréamhú éigin déanta ag an stáisiún de thoradh a neamhspleáchais agus a pholasaithe cruthaitheacha. Níl aon cheist ná go mbíonn clár amháin ar a laghad anois gach aon oíche arbh fhiú an teilifís a lasadh chun é a fheiscint.

Tá cnámh droma cláracha faisnéise agus gnéchláracha ar nós Léargas, Nasc, Cogar, Mná na hÉireann, Séideán Staire, Seo É, ag an sceideal agus athchraoladh glic déanta orthu - síneadh riachtanach acmhainne - faoi mar a chuirtí min tríd an bplúr san aimsir ghortach.

Chuir glúin eile aithne ar Che Guevara (Sé Ghaoth Barra!) trí Ghaeilge le déanaí ar Séideán Staire. Tá pobal iomlán tagtha chun inniúlachta an athuair de thoradh obair Nemeton. Níl aon cheist ná gur trí mheán TG4 a thiocfaidh an chuid is mé den mhianach cruthaitheach scríbhneoireachta i nGaeilge chun cinn amach anseo, nó is cupóga iad na focail seo. Is ionann obair TG4 san aimsir seo agus obair an Ghúim nuair a bunaíodh é i dtús ré an Stáit.

Rupert Murdoch a dúirt "that multilingualism was divisive, and monlingualism, cohesive. Multinlingualism was in his view the cause of Indian disunity, and monolingualism the reason for the unity of the English-speaking world. He rejoiced in the fact however, that Hindi was finally spreading as a major lingua franca, due to the availability of Hindi TV programming being spread by his Asian television company, Star."

Creidim gur gá do TG4 céim bhreise a thógaint anois agus polasaithe cruthaitheacha a thionscnamh, faoi mar a dheineann TV5, chun tiúnáil bhreise laethúil a dhéanamh ar an uirlis acu féin.

Ghlanfadh sé an sleamhnán den tsúil eile.