SúilRúiseachorainn

Beocheist:  Ní bhíonn ionadh ar dhaoine nuair a chloiseann siad go bhfuil íomhá áirithe ag daoine thar lear faoina dtír dhúchais…

Beocheist: Ní bhíonn ionadh ar dhaoine nuair a chloiseann siad go bhfuil íomhá áirithe ag daoine thar lear faoina dtír dhúchais agus faoina bpobal féin. Go hiondúil is féidir le daoine na steiréitíopaí sin a shamhlú, a liostú agus fiú magadh a dhéanamh fúthu uaireanta. Agus cé nach bhfuilimid ag súil le rud ar bith nua a fháil amach fúinn féin, bíonn sé suimiúil i gcónaí barúil úr eachtrannaigh a chloisteáil.

Dá bhrí sin, bhí neart ceisteanna á gcur orm nuair a tháinig mé go hÉirinn. Céard a cheapaimse faoi Éirinn agus na hÉireannaigh? An bhfuil mórán difríochta idir an saol sa dá thír? Cad iad na himpriseain ba láidre a bhí agam?

Is mac léinn Rúiseach mise agus tá mé ag staidéar i gColáiste na Tríonóide faoi láthair. Is é seo mo chéad chuairt ar an tír seo, cuairt a raibh mé ag tnúth leis le fada. Sular tháinig mé bhí go leor eolais faoi Éirinn cruinnithe agam agus b'eol dom na steiréitíopaí ginearálta a bhí ag baint leis an tír. Ní raibh ionadh mór orm mar gheall ar thréithe agus ar nósanna áirithe mar sin de.

Bhí a fhíos agam nach fiú dom teacht díreach in am go cruinniú ar bith (go mór mór i measc na ndaoine óga) mar thosódh sé ar a laghad leathuair níos déanaí. Chuala mé go raibh na daoine in ann labhairt ar feadh na n-uaireanta fada gan stad agus gan éirí tuirseach agus is cuma leo faoi lucht éisteachta (fiú muran léachtóirí iad).

READ MORE

Deirtear go n-ólann na Rúisigh go trom, ach tá sé fíor gan dabht. Ach, is dóigh liom go bhfuil sé deacair na hÉireannaigh a shárú, áfach. Ar an gcéad dul síos níl áiseanna traenála chomh breá sin le tithe tábhairne againn sa Rúis.

Gach uair a théim isteach i gceann ar bith díobh braithim gurb óltóirí amaitéaracha muid. Bhí mé ag coimhéad cairde Éireannacha ag ól tráthnóna amháin: fíon, Guinness gan áireamh agus uisce beatha ar deireadh. Agus an méid sin uile gan rud ar bith ag ithe! Maith sibh! - ní ólaimid mar sin.

Ach cuireann mórán rudaí eile atá níos simplí ionadh orm. Go dearfa, cén chaoi is féidir le Rúiseach náisiún chomh rúndiamhaireach seo a thuiscint. An tír seo ina n-osclaíonn doirse isteach go fiú sna seomraí is lú, a mbíonn dhá sconna ar gach doirteal agus gan aon bhealach leis an uisce a mheascadh, nach bhfuil fáil ar shiopa atá oscailte ar a naoi a chlog san oíche. Nach tréith faoi leith é a bheith in ann cur suas leis seo?

Ach is sa chaidreamh laethúil idir daoine is fearr a fheictear na tréithe seo. Ní féidir liom fós dul i dtaithí ar an ngnáthbheannacht "Hello! How are you?" agus a leagan Gaeilge chomh maith. Nach bhfuil ceist le freagairt ansin? Ach ní maith leis na daoine a chloisteáil cén chaoi a bhfuil mé nó má tá scéal éicint agam i ndáirire. Is cuma leo an chuid is mó den am. Tagann siad thart le cuma shona bhéasach ar a n-aghaidh agus tá mise ag meas cén fath go gcaithfear an cheist sin a chur orm ar chor ar bith. Bheinn sásta le miongháire macánta amháin! Foghlaimím an bheannacht sin go neamhphearsanta mar fhoirmle agus an freagra chomh maith céanna: "Dia duit, cén chaoi a bhfuil tú? - Go maith, go raibh maith agat, cén chaoi a bhfuil tú féin?"

Mar sin féin, braithim go bhfuil rud éigin dáiríre agus fírinneach taobh thiar den fháilte sin a chuirtear in iúl le frásaí folmha agus gáire bréige a mbíonn na Rúisigh ag gearán ina thaobh.

Tugann daoine níos mó aire dá chéile, nó sin an chuma atá air. Bhraith mé féin gur thug daoine aire dom ar aon chaoi. Ní féidir liom garda Rúiseach nó fear bus i Moscó a shamhlú ag tabhairt eolas na slí dom, mar a tharla i mBaile Átha Cliath domsa. Tá mé cleachtaithe anois ar dhaoine ag caint liom ar an traein nó ar an mbus, iad ag cur ceisteanna go tiubh orm agus ag tabhairt comhairle mo leasa dom.

Is amhlaidh go gceapfá gur teaghlach mór grámhar amháin iad muintir na hÉireann agus iad ag déanamh cúraim dá chéile. Tharla eachtra shuntasach dom féin agus do mo chara agus muid ag dul go Cathair na Mart le déanaí.

Bhí muid caillte agus stop muid an carr chun féachaint ar an léarscáil. Ar éigean go raibh sé oscailte againn nuair a d'oscail bean an doras agus d'fhéach isteach orainn. Bhí mé cinnte go raibh sí chun gearán a dhéanamh toisc muid a bheith san áit mhícheart nó sa bhealach uirthi. Ina áit sin, dúirt sí: "Tá sibh caillte, nach bhfuil? Cá bhfuil sibh ag dul?" Níl a thuilleadh uaim, le fírinne. Tá a fhios agam cad déarfaidh mé le mo chairde nuair a fhillfidh mé abhaile.

Is i nGaeilge a scríobh Olga Karkishchenko an t-alt seo. Tá sí 23 bliain d'aois.