Sumanna, pointí agus scrúdú

CROBHINGNE: TUGAIM FAOI deara go bhfuil níos mó pointí le bronnadh ar na daoine a dhéanann sumanna san Ardteistiméireacht feasta…

CROBHINGNE:TUGAIM FAOI deara go bhfuil níos mó pointí le bronnadh ar na daoine a dhéanann sumanna san Ardteistiméireacht feasta. Tá biorchloigne amuigh ansin áit éigin a cheapann dá fheabhas iad na sumanna is ea is fearr an eacnamaíocht.

Ní foláir nó fuair siad an freagra seo in íochtar duillí tae ar thóin chupáin i seanchupard iar-Thaoisigh, mar ní léir aon fhianaise a bheith ann a thacódh leis faoi sholas geal an lae. Go deimhin, léimeann sé suas sa phus ort mar a bheadh madra allta ann gurb iad lucht sumanna a dhéanamh is mó a dhein an mhísc orainn agus is mó is ciontach le tubaist na tíre.

Ná ní féidir a áiteamh nach raibh na habacais is déanaí acu, abacais leictreonacha fiú agus iad plugáilte isteach in eangach mhór an áirimh atá ina mogallra ar fud an tsaoil. Na hintinní is géire cúilfhéith agus na hinchinní is fairsinge stuif liath, is iad a bhí ag gabháil do na sumanna thuas seal agus thuas seal agus thuas seal. Fós féin, nuair a bhí an uimhríocht ar fad istigh, fuarthas go raibh poll gan ghrinneall in airgeadas an Stáit.

Ar an gcuma chéanna is a bhfuiltear ag iarraidh ar na heacnamaithe céanna teacht i gcabhair orainn is a threoraigh go himeall na faille sinn, táthar ag tabhairt pribhléide do na tuiscintí céanna is a dhein an dochar an chéad lá riamh. Ó sea, má seagh, déarfar nárbh iad na sumanna a dhein an t-aimhleas agus an anachain ach na daoine a bhí á n-ionramháil. Sin é go díreach an marc agus an ponc agus an pointe.

READ MORE

Ní haon mhaith dúinn an lucht sumanna is fearr agus is oilte agus is méarmhire a bheith againn mura bhfuil a fhios acu cad chuige na figiúir sa chéad áit. I ndeireadh na scríbe ní bheidh a fhios acu cad chuige na figiúir mura bhfuil tuiscint níos leithne ná na figiúir acu, agus ní hiad na figiúir amháin a thabharfaidh an tuiscint sin dóibh. Níl mise ar dhuine den bhuíon sin a cheapann go bhfuil deighilt go héag, ná fál go haer féin, idir na dána agus na heolaíochtaí, nó idir an léann daonna agus na hábhair chrua a bhfuil “-aíocht” san eireaball acu. Ná ní duine mé atá chomh saonta sin is a thabhairt le fios go ndéanann na daonnachtaí níos daonna sinn. Tá léirithe le fada go raibh na Naitsithe chomh ceanúil ar an gceol clasaiceach le duine ar bith a éisteann go rialta le Lyric FM. Bhí Beethoven á sheinneamh go máistriúil le binneas fad is a bhí daoine ina scuaidríní leo go dtí na seomraí gáis. Má bhog sé a gcroí, níor athraigh sé a n-intinn. Canann taidhgíní sráide peile Nessun Dorma sula gcuireann siad scian i nduine de lucht leanúna na foirne eile.

Ní chuige sin na daonnachtaí ná na dána go mbeadh daoine níos deise agus níos solabhartha lena chéile. Níl aon chruthúnas againn gur éirigh le bean ar bith pósadh níos sármheasta a dhéanamh tar éis dóibh Jane Austen a léamh, cé go bhfuil taighde ann a thaispeánann gur mó an seans a bheidh ann go léifidh siad MillsBoon feasta. B’fhéidir go gceapfá go raibh cisil nó sraitheanna éagsúla id phearsa nuair a leagfá Freud uait, ach ní fhaca Freud féin go rabhthas ag teacht faoina dhéin mar Ghiúdach sna blianta ar thairseach an chogaidh, agus in ainneoin a chuid gaoise níor shamhlaigh sé riamh gur luaithreach a dhéanfaí dá dheirfiúracha san uileloscadh.

Is é atá sa léann daonna ná slabhra a cheanglaíonn ár gcuid tuiscintí le chéile. Uaireanta, is slabhra an-scaoilte é ar sileadh go bog ó ábhar go hábhar. Uaireanta eile, is nasc níos daingne é, ina dhiaidh sin níos cosúla le gliú, nó arís eile, macalla fann idir beanna i bhfad óna chéile. Ach ní féidir dul sáite sna dána gan a lánfhios a bheith agat go bhfuil na dána eile ann. Agus ní féidir dul lasmuigh de na dána agus a bheith beagbeann orthu. An plé a déanadh ar thábhacht na sumanna is plé laistigh de na dána a déanadh, óir ní féidir leis na sumanna féin a dtábhacht féin a thuairisciú. Is é tromán agus trumpa na ndaonnachtaí ná go bhfuil na sumanna róluachmhar le go bhfágfaí faoi lucht sumanna amháin iad, go bhfuil an pholaitíocht rólárnach lena fágaint faoi na polaiteoirí, an bhaincéireacht róchontúirteach le bheith i lámha na mbaincéirí, an eacnamaíocht róleamh lena scaoileadh faoi na heacnamaithe, an t-oideachas róleathan le húdarás air a thabhairt d’oideachasóirí amháin, an litríocht ró-iontach le go gciallódh criticeoirí í. Is gá an-chuid fianaise a mhúchadh lena chruthú nach bhfuil aon bhaint ag na sumanna le saol na ndán a mairimid ann.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar