Ta clampar sa chistin i measc na gcocairi

Chuirfeadh ullmhú reachtaíochta cúrsaí cócaireachta i gcuimhne duit in amanna - machnamh fada, bailiú na gcomhábhar agus ansin…

Chuirfeadh ullmhú reachtaíochta cúrsaí cócaireachta i gcuimhne duit in amanna - machnamh fada, bailiú na gcomhábhar agus ansin an ruathar mear le gach aon rud a chaitheamh le chéile agus pláta blasta bia a chur roimh an chustaiméir. Agus, ar ócáidí, éiríonn idir cócairí sa chistin.

Tá an rud céanna ag tarlú leis an Bhille Teanga. Tá an píosa reachtaíochta seo ina ábhar rialta díospóireachta le blianta móra fada. Ceapadh go rithfí an reachtaíocht faoin Rialtas deireanach. Níor tharla sé sin. Bhain moill leis de bharr easpa foirne, a dúradh. Shéan an Rialtas a leithéid.

Anois, le mí anuas, tá an Bille ar ais ar an chlár bia agus an Cócaire Ó Cuív i mbun na cistine, é ag caitheamh na gcúrsaí éagsúla ar phlátaí agus á seoladh amach i dtreo na gcustaiméirí. Ar an drochuair, níl na custaiméirí sásta le caighdeán an bhéile nó leis an tseirbhís. D'ordaigh na heagrais teanga stobhach Gaelach agus ní maith leo an casadh nua-aoiseach atá bainte ag Ó Cuív as a n-oideas traidisiúnta.

Tá na heagrais anois ag gearán go láidir agus go poiblí faoina bhfuil curtha rompu agus faoinar mhaith leo bheith ann. An tseachtain seo caite féin, sheol Conradh na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge feachtais le tacaíocht Theachtaí Dála agus Sheanadóirí a lorg.

READ MORE

Chuir an Conradh síos ar a gcuid éileamh mar rudaí "bunúsacha" - go mbeadh comhlachtaí sa Ghaeltacht ábalta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge; go bhfreagrófaí comhfhreagras Gaeilge i nGaeilge.

Ba ghéire arís an Chomhdháil. Roimhe seo, thug siad "tarcaisneach" agus "maslach" ar an dóigh ar chaith Ó Cuív le moltaí na n-eagras.

Tuigeann na heagrais féin cath seo na cistine. Míníonn sé sin cuid den fhearg atá le sonrú i gcaint na Comhdhála. Thar eagras ar bith eile, is iad is mó atá ag comhoibriú, ag eagrú cruinnithe poiblí agus comhdhálacha agus ag brú an ghá le Bille Teanga chun tosaigh.

Gan amhras, d'aithneodh siad féin an pháirt mhór a d'imir Conradh na Gaeilge san fheachtas céanna ach ní dócha gur áibhéil a rá gurb ionann an Bille Teanga acu agus reachtaíocht "dá gcuid féin".

Dá bharr sin atá siad ag troid chomh poiblí sin lena gcuid leasuithe a chur chun cinn. I dtéarmaí pholaitíocht na teanga de, ba chaint thintrí a rinne siad ar an cholún seo an tseachtain seo caite nuair a dúirt siad nár tugadh aird ar bith ar a gcuid leasuithe.

Feictear dóibh nach mbeidh seirbhísí Gaeilge ar fáil ach amháin le dea-thoil Aire nó an chóras Stáit agus go bhfuil ceart an tsaoránaigh dul chun na cúirte lena chearta teanga a chosaint le séanadh sa Bhille.

Baineann práinn leis an stocaireacht ar fad. Dálta na mórchócairí tallannacha is fearr, níl rún ag Ó Cuív treoir a ghlacadh ina chistin féin ó chócairí amaitéaracha na n-eagras. Chead acu na comhábhair a chur ar fáil ach is é a cheart iad a ghiollacht. Níl sna cócairí eile anois ach custaiméirí. Fanadh siad amuigh go dtí go mbeidh an bia réidh!

Dúirt Ó Cuív tá mí ó shin go raibh sé ag iarraidh "aitheantas cuí a thabhairt do sheasamh bunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil - gan aon ghearradh trasna a dhéanamh ná aon bhréagnú a dhéanamh ar an seasamh bunreachtúil sin - agus ag an am céanna feabhsaithe praiticiúla "anseo-agus-anois" ar staid lag na Gaeilge sa saol poiblí a bhaint amach ..."

Bhí Ó Cuív thar a bheith diongbháilte agus é ag caint ar thábhacht na reachtaíochta mar a chonacthas dó í: "Is Bille uaillmhianach é an Bille seo, lena gcuirtear éilimh réalaíocha ar chomhlachtaí poiblí agus a bhfuil meicníochtaí láidre ann chun maoirseoireacht a dhéanamh ar an soláthar ar na héilimh. Tá sé réadúil agus soiléir freisin. I mbeagán focal, tá a fhios agam cén áit a dteastaíonn uaim dul leis seo, agus tuigim gur turas fada é." Gan amhras, creideann Ó Cuív an méid sin ach ní chreideann na heagrais é.

Beidh cruinniú ag an Aire leis na heagrais Dé Luain. Ní heol go fóill cad é a bheidh ar an chlárbhia áirithe sin. Ach tá rud amháin soiléir. Is é ceart an chustaiméara an pláta a chur ar ais chun na cistine mura dtaitníonn an dinnéar leis.

Bheadh drogall mór ar na heagrais a leithéid a dhéanamh. Tá siad ag fanacht le tábla sa bhialann seo ar feadh i bhfad. Mar sin féin, mura dtagann siad ar shocrú, beidh siad ag ithe bia nach réitíonn leo agus iad i gcontúirt tinneas bhéal an ghoile gach lá feasta. Seans gurbh fhearr leo an t-ocras.