Tá cuid againn ag iarraidh maitheas éigin a dhéanamh

NÍL A FHIOS AGAM an raibh a theanga ina phluc aige nó nach raibh ach is cosúil nach mbeadh ról ar bith ag an bhfile sa stát idéalach…

NÍL A FHIOS AGAM an raibh a theanga ina phluc aige nó nach raibh ach is cosúil nach mbeadh ról ar bith ag an bhfile sa stát idéalach a shamhlaigh Platón. An tslí is fearr chun caitheamh le file ná é a dhíbirt, dar leis.

Thug Cultúr Éireann praghas ticéid dom chun freastal ar Fhéile Filíochta Kritya in Nagpur na hIndia níos luaithe i mbliana agus bhuaileas le roinnt filí bochta a bhí díbeartha nó féindíbeartha, ina measc Mahmood Karimi Hakak arbh as an Iaráin dó ó thús.

Ina Ollamh i Nua-Eabhrac atá sé anois ach is cuimhin leis nuair a bhain sé amach an tOileán Úr is gan aige chun a bheirt iníonacha a bheathú ach leathúll an duine.

Bhuaileas le file eile a raibh seanaithne agam air, Ahmad al-Shahawy, Éigipteach, a bhfuil fatwa amuigh air! Agus bhuaileas le file (nach raibh ar an gclár ach a raibh a shaothar á dháileadh ar chách aige) agus Dalit is ea é, duine den aos seachanta. Sunil Abhiman Awachar is ainm dó.

READ MORE

Sa teanga áitiúil Maratais is mó a bhí seisean ag scríobh. Fear ard dathúil, a shúile ag glioscarnach le háthas – ach an fhilíocht aige lán de ghoimh, ní nach ionadh, agus é imeallaithe de dheasca a aicme.

Iompaíonn na mílte Dalit ón Hiondúchas go Búdachas, creideamh nach n-aithníonn ceast ná sainaicme ar bith ach tá an fód á sheasamh ag Sunil agus súil aige le lá breá gréine dó féin agus dá aicme amach anseo. Go n-éirí leis!

Tar éis an tsaoil, súdaire agus gréasaí bróg ab ea an file Ravidas, sainaicme an-íseal, agus nach bhfuil teampall tógtha inniu dó i gcathair bheannaithe Varanasi.

Déarfadh daoine áirithe go bhfuil an iomarca filí againn. Cén mhaith iad? An cuimhin libh Droim Ceatt? Fógraíodh ag an am go raibh i bhfad an iomarca filí sa tír.

Casadh filí breátha orm in Nagpur (imleacán na hIndia, ceartlár na tíre dar leis na Briotanaigh nuair a bhíodar i gceannas) agus dá mbeadh aithne ag Colm Cille nó ag Platón orthu ní ag smaoineamh ar a líon a laghdú ná iad a sheoladh thar loch amach a bheidís. Casadh filí móra orm (dar leo féin agus dar leis an bpobal), daoine ar nós Shri Ashok Vajpeyi agus casadh neamhfhilí orm nach luafaidh mé in aon chor.

Tá a fhios acu cé hiad féin, nó b’fhéidir nach bhfuil; seans nach mbeidh a fhios acu go deo go dtí go gcaillfear iad agus cad é an t-iontas a bheidh orthu ansin nuair a chloisfidh siad nach bhfuil plaic bheag á greanadh ina n-onóir.

Bhí an-chomhrá agam le Dileep Jhaveri, duine léannta atá in ann braon fuisce a chaitheamh siar, fear a chaith scór bliain ina thost mar fhile; labhras le hIndiaigh eile a bhí ag scríobh ina dteanga dhúchais féin, Cannadais agus Gúisearáitis cuir i gcás. Cheannaíos leabhar sa tsraith Penguin Classics (na hIndia) agus fuaireas síniú an aistritheora, H. S. Shivaprakash.

Ainm an leabhair I Keep Vigil of Rudra, The Vachanas: "Seo mé, farantóir gan cholainn/ go dtí an abhainn mhór leathan./ Má íocann tú an praghas -/d'aigne/ a bheireann ar nithe is a scaoileann leo/ tabharfaidh mé sall thú..."

Ardfhilíocht sa traidisiún bhakti a bhfuil meas an domhain agam air.

Bhí an file Gúisearáitise, Saroop Y. Dhruv, sa Times of Indiaagus béarlagair na sráideanna á mholadh aige, gnáthchaint na ndaoine óga, mar mheán ag filí. "This does not defile the art but helps in its evolution!" ar sé.

Fastaím, arsa Ashok Vajpeyi thuasluaite, file agus criticeoir Hiondúise: “They do not know of the rich past of the art they are indulging in. Additionally, they have horribly limited linguistic resources...” Dhera, bhí an chaint chéanna ar siúl fadó i dtús ré INNTI. Bhí. Ní bheidh deireadh leis an saghas sin cainte go deo.

Tríd is tríd, deinim amach nach bhfuil mórán dochair ag baint le filí. Mar sin féin, file ab ea an té a bhí mar inspioráid ag Al-Qaeda, fear darbh ainm Said Qutb (1906-1966). Sraith 30 leabhar scríofa aige is iad mar thráchtaireacht ar an Qúrán: ba é príomhdhiagaire Bhráithreachas Moslamach na hÉigipte é, gluaiseacht a raibh an oiread sin cainte ina taobh le déanaí.

Thug Qutb cuairt ar Mheiriceá agus chuir a bhfaca sé ann déistin air. Ach sular bhain sé Meiriceá amach in aon chor nár casadh Meiriceánach mná air agus í ar meisce. I measc na nithe nár thaitin leis an bhfile thall in Colorado, nithe nach gcuirtear in aon bhosca amháin de ghnáth, bhí ábharachas, an córas eacnamaíochta, ciníochas, dornálaíocht (sic), drochstíl ghruaige (sic arís), comhráite agus cairdis nach raibh bonn ceart fúthu, mná agus fir le chéile (fiú sna séipéil!) agus gan aon iarracht á déanamh ag na mná cuar na gcíoch ná cuar na tóna a cheilt agus mar sin de go heireaball siar.

Bhí sé tagtha den tuairim nach raibh aon leigheas ar an scéal ach Ioslam. Ar ais san Éigipt dó, chuir sé peann le pár; níor stop tréimhse i bpríosún é agus i gceann na haimsire bheadh a shaothar á leamh le fonn ag fear darb ainm Osama bin Laden.

Filí. Nílimid ar fad mar sin. Tá cuid againn gan dochar. Cuid againn atá ag iarraidh maitheas éigin a dhéanamh nó cúpla haiku saonta a chur dínn.