Ta fear amuigh ansin ata i mbun aischothaithe

Tá fear amuigh ansin atá i mbun aischothaithe; sheolann sé ábhar chun an cholúin seo gach seachtain

Tá fear amuigh ansin atá i mbun aischothaithe; sheolann sé ábhar chun an cholúin seo gach seachtain. Ní chuireann sé a ainm leis an ábhar ach fear atá ann.

Níl cúis ar bith ar ann nach gcuirfeadh sé a ainm leis an ábhar (tá a fhios aige cé hé féin; tá a fhios ag an cholúnaí seo cé hé féin).

"Ábhar" ach i ndáiríre ní bhíonn ann, seachtain i ndiaidh seachtaine, ach clúdach litreach agus é líon lán alt nuachtán, cuid de na línte faoi pheann dearg agus cuid acu marcáilte le sraith mhór !!!!!!

Ní sholáthraíonn ár gcara gan ainm téacs ar bith a mhíneodh tábhacht na !!!!! Fágann sé faoin cholúnaí seo ciall a bhaint astu mar !!!!! Faraor, ní thuigeann sé chomh dúrúnta is atá an colúnaí céanna. Cad é mar a chuireann tú na míreanna mearaí seo le chéile?

READ MORE

An mbaineann tábhacht ar leith le hord na n-alt? An mó béim a chuirfí ar na píosaí sin le léar mór !!!!! ná na píosaí gan iad? An gcaithfí iad a léamh bun-os-cionn nó droim-ar-ais le go mbrisfí an cód? An bhfuil an colún seo ag cailleadh scéalta móra a bhainfeadh Pulizter nó, ar a laghad ar bith, gradam cumarsáide Oireachtais?

Ní dócha é.

"Aischothú" atá i gceist leis na clúdaigh gan chéill; aischothú gan iarraidh. Aischothú; focal mistéireach de chuid ghairm na hiriseoireachta a chiallaíonn gur chuir duine inteacht, amuigh ansin, an trioblóid air féin litir a chur sa phost chun an cholúin, istigh anseo.

Dúirt Cathal Mac Coille tráth agus é ag caint ar chúrsaí iriseoireachta gur theastaigh aird ó iriseoirí mar a theastaíonn sí ó pháistí. Ba mhaith linn go dtabahrfaí aird orainn gach uair a scríobhann muid nó a chraolann muid píosa. Gach uair. Gan teip. Agus an ceart aige.

Ní tharlaíonn a leithéid go minic - ach amháin i gcás ár gcarad amuigh ansin a chuireann a chuid teoiricí ar fáil don cholún seo seachtain i ndiaidh seachtaine: fuascail an cód, a Thuarascáil, fuascail an cód.

Is ní saoithiúil é an t-aischothú. Tá lucht teilifíse ann a chraolann clár a n-amharcann 100,000 duine air agus déarfaidh siad leat nach bhfuair siad aischothú ar bith as. Agus ní bhfuair sa mhéid is gur gníomh neamhghníomhach a bhí san amharc.

Is é an cineál aischothaithe a shantaíonn siad go scríobhfaidh daoine chucu; go gcuirfí léirmheas i gcló faoina gcuid iarrachtaí; go mbeidh d'idirdhealú idir iad agus a gcomhghleacaithe píosa páipéir agus ainm léirmheastóra air.

Ach aisteach go leor, santaíonn an t-iriseoir nuachtáin deis dul ar an teilifís agus a aghaidh a thaispeáint don 100,000 duine sin le go bhfeice siad é; le go gcluine siad é nó caitheann seisean a shaol ag scríobh ailt léirmheastóireachta agus píosaí tuairimíochta agus á gcur i gcló agus ní heol dó ar léigh duine ná deoraí iad; ní heol dó duine ar bith bheith amuigh ansin cé go ndeirtear leis go léann gach duine in Éirinn an colún (gach duine!).

Agus ansin nuair a thagann an t-aischothú, ní hé an t-aischothú ceart é mar is é an cantálaí nó fear teoirice na X-Chomhaid atá ag soláthar an aischothaithe agus ní na daoine siosmaideacha a deirtear leis bheith ag léamh an cholúin agus fágtar an colúnaí bocht idir dhá chomhairle.

Ar cheart dó tabhairt faoi Fhoras na Gaeilge arís eile agus fios aige go dtaitneoidh an t-ionsaí sin le sciar mór maith de na léitheoirí atá amuigh ansin nó ar cheart dó smaoineamh ar na créatúir bhochta sin nach spéis leo an Foras céanna agus dul i muinín an ghrinn agus iad ag léamh an cholúin (gach duine acu!) ag am sosa sa seomra foirne: cad chuige ar thrasnaigh an turcaí an bóthar? Mar go raibh an sicín ar saoire.

De réir figiúirí ABC - slat tomhais thionscadal na nuachtán - tá 1,866 duine a cheannaíonn Lá go gníomhach gach lá agus 3,373 a cheannaíonn Foinse go gníomhach gach seachtain. Díolann an dá nuachtán méid áirithe nuachtán ar an mhórchóir (is é sin, ar lacáiste 50 faoin gcéad den phraghas clúdaigh) - 2,500 i gcás Lá agus 1,131 i gcás Foinse.

Nuair a thosaigh Lá a fhoilsiú go laethúil bliain ó shin chuir siad 8,000 cóip mar chuspóir rompu ina bplean gnó; níor éirigh leo an sprioc stuama sin a bhaint amach agus ní heol don cholún seo nuachtán ar bith eile a dhíolann níos mó cóipeanna ar lacáiste ná mar a dhíolann ar phraghas iomlán.

Bhí éileamh níos mó ar Foinse nuair a foilsíodh ar dtús é ach, ceal margaíochta, thráigh sin. Níl fágtha de léitheoirí gníomhacha ag an dá nuachtán - na daoine sin a thugann aischothú de chineál eile do nuachtáin: aischothú an airgid - ach dornán beag mílte.

Thug 160,000 inteacht duine i dTuaisceart Éireann le fios sa daonáireamh deireanach go raibh Gaeilge de chineál inteacht acu; mhaígh tuairim is 75,000 acu sin go raibh léamh, scríobh, labhairt agus tuigse na teanga acu agus tá sibh bodhar ag cluinstin faoin mhilliún go leith duine sa Stát seo a thug le fios go raibh Gaeilge acu sa daonáireamh deireanach.

Is léir nach ag léamh nuachtáin na Gaeilge atá siad. Braitheann éifeacht na hiriseoireachta ní amháin ar na hiriseoirí ach ar na léitheoirí: is beag is fiú duine amháin acu gan an dara duine.

Ach ná bíodh imní ar dhuine ar bith faoin cholún seo. Tá fear amuigh ansin a sheolann ábhar chugainn gach seachtain. Aischothú. Nach méanar dúinn?