Tá mé harry-potteráilte

Bainim le glúin an mahogany gaspipe

Bainim le glúin an mahogany gaspipe. Thagadh an iris chun na scoile agus níorbh ionann í agus First Steps in Irish nó iris leamh na mBráithre Críostaí a dhíoltaí.

Ach tá ré "Tá mé mahogany gaspipe" thart faoi dheireadh agus muid ar tairseach ré nua: "Tá mé harrypotteráilte."

Dé Luain a tháinig Harry Potter agus an Órchloch le J.K. Rowling - an leagan Gaeilge atá mé á mhaíomh, arna aistriú go Gaeilge ag Máire Nic Mhaoláin. Draíodóir atá i Harry, ar ndóigh, agus oibríonn an draíocht chomh luath agus a osclaíonn tú an leabhar.

Cé a shamhail riamh go bhfeicfí leabhar Gaeilge faoi chló Bloomsbury agus go mbeadh sleachta Gaeilge ón Daily Mail, Times Londan agus an TLS le léamh as: "Beidh leabhair Harry Potter le háireamh feasta ar an dornán beag sin de leabhair pháistí a léifear agus a athléifear nó go mbítear in aois duine. Shamhlóinn go mbeidh méadú ag teacht in aghaidh an lae ar líon na ndaoine atá ag fanacht go foighneach leis an gcéad mhír eile."

READ MORE

Ní raibh oiread agus focal de leabhair Potter léite agam nó ceann ar bith de na scannáin feicthe agam go dtí seo. Is é sin bua an aistriúcháin - léann tú rud nach léifeá de ghnáth.

Is sa bhliain 1997 a foilsíodh Potter den chéad uair agus is dócha go bhfuil a chuid eachtraí uilig ar eolas ag páistí faoi seo. Bíodh sin mar atá, is méanar don chéad ghlúin eile de dhaltaí gaelscoile a chuirfidh aithne ar Harry ina dteanga féin.

Ní éireoidh Iníon Rowling ramhar ar airgead lucht na Gaeilge ach éireoidh lucht na Gaeilge ramhar ar a hórchloch agus a bhuíochas sin le sár-obair Mháire Nic Mhaoláin, bean a bhfuil cion mná déanta aici ar son na litríochta arís eile.

Tá éacht déanta aici le saothar Rowling. Dá dtagadh Yu Ming go hÉirinn inniu, chreidfeadh sé gur i gcroílár na Gaeltachta a rugadh agus a tógadh Harry: "Bhí ag dul de Harry é a thuiscint. Níorbh fhéidir dó a bheith fíor, níorbh fhéidir é. "Ach rinne Snape iarracht mé a mharú!"

"Ní dhearna, ná é. Mise a rinne iarracht tú a mharú. Bhuail do chara Miss Granger fúm de thimpiste agus í ag rith chun tine a chur le Snape ag an gcluiche Quidditch úd ..."

Preabann cuisle bunsaothair go beo i leagan Nic Mhaoláin.

Tá an clasaiceach Béarla tiontaithe ina chlasaiceach Gaeilge trí ailceimic an aistriúcháin.

Tá idir theanga agus scéal anseo a lasfas agus a líonfas samhlaíocht páistí. Ba bhreá liom níos mó a scríobh faoi ach níl an t-am agam - caithfidh mé an chéad chaibidil eile a léamh láithreach bonn.