Tá rud éigin speisialta fút - élite na Gaeilge

MÁ TÁ tú á léamh seo gach seans go bhfuil tú níos fearr as ná an gnáthdhuine

MÁ TÁ tú á léamh seo gach seans go bhfuil tú níos fearr as ná an gnáthdhuine. Bhuel, gach seans go bhfuil post níos fearr agat ná mar atá ag an ngnáthdhuine nó go bhfuil oideachas níos mó ort ná mar atá ar an ngnáthdhuine. Mar ní hé amháin go bhfuil tú ag léamh an Irish Times (rud a fhágann gur mó seans go mbaineann tú leis an deimeagrafach sóisialta is ansa leis na fógróirí, an ABC1) ach tá tú ag léamh ailt as Gaeilge san Irish Times.

De réir taighde nua ó Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil Uladh is teanga don élite í an Ghaeilge. Áitítear sa tuarascáil nua go mbíonn postanna níos fearr ag Gaeilgeoirí, go mbíonn tuarastal níos airde acu agus go mbíonn gréasán teagmhálacha acu a bhronnann gach aon saghas buntáiste sóisialta agus oibre orthu.

Tá sé cloiste againn go minic ó nearóisigh agus biogóidí frith-Ghaeilge gur duine é an Gaeilgeoir a cheapann go bhfuil sé níos fearr ná an gnáthdhuine. Bhuel, is cosúil go raibh leath den cheart ag na nearóisigh agus na biogóidí agus is cinnte go gcuirfidh an dream sin fáilte roimh an taighde seo mar chruthúnas go bhfuil ciall lena mbiogóideacht agus a nearóis.

Níor cheart, áfach, ligint d’éinne seilbh a ghlacadh ar an taighde seo mar fhianaise gurb ionann pobal na Gaeilge agus na Stonecutters, an cultas rúnda uilechumhachtach sin ar The Simpsons a bhí freagrach as gach ní ó Atlantis a ghlanadh de na léarscáileanna go réalta scannáin a dhéanamh de Steve Guttenberg.

READ MORE

Dúirt an tuairisc ar an nuachtán seo faoin taighde: “Irish speakers were also seen to enjoy the advantage of a network of social contacts and all of the perks that go with such a network.”

Beidh a léamh féin ag daoine áirithe ar an scéal seo agus bí cinnte gur binn acu an chaint seo faoi élite de Ghaeilgeoirí lena ngréasáin shóisialta mhistéireacha agus a bpostanna saoráideacha.

Ach ba chóir don Ghaeilgeoir féin fáilte a chur roimh an taighde agus gan aon cheannsíos a bheith air faoi na torthaí, mar ní gá dó a bheith buartha faoin méid a cheapann na comharsana faoina stádas. Foilsíodh tuarascáil taighde eile anuraidh faoi dhearcadh phobal na hÉireann i leith an Ghaeilgeora agus ba léir ann go raibh meas ar an nGaeilgeoir ag pobal níos sínte ná iad siúd a raibh a gcuid ainmneacha aige ar a fhón póca.

As an 51 grúpa sóisialta ar cuireadh ceist fúthu ní raibh ach ceithre ghrúpa chun cinn ar phobal na Gaeilge maidir lena stádas i súile an phobail.

Scríobh an tAthair Mícheál Mac Gréil, a bhí ar dhuine d’údair na tuarascála sin, gur bhain Gaeilgeoirí tráth le haicme íseal ar leith – “category of benevolent comedy in the pubs and parlours of the chattering classes” – ach go raibh deireadh go deo leis an gcur síos taircisniúil ar na Gaeilgeoirí mar na “tá sés”.

Cuimhnímis mar sin nach rófhada ó shin é go raibh an fíor-élite ag gáire fúinn go drochmheasúil agus bainimis súp dá réir as ár stádas nua, fiú má bhraithimid go minic mar stádas ‘ar pháipéar’ amháin é.

Ar deireadh thiar ní haon scéal rómhór é go bhfuil buntáistí áirithe ag roinnt le bheith id’ Ghaeilgeoir agus níl an oiread sin sa taighde nua a chuirfeadh iontas ar éinne, seachas b’fhéidir údair na tuarascála féin.

Nach bhfuil, mar shampla, lucht an ghaeloideachais ó Dhún Laoghaire go dtí an Daingean ag rá le fada go bhfuil buntáiste ag an té a fhaigheann scolaíocht trí Ghaeilge?

Ní gá dul ag romhar ródhoimhin san antraipeolaíocht shóisialta chun fianaise a fháil don méid sin.

“Irish speakers a social and educational elite – report” a dúirt ceannlíne na tuairisce ar an nuachtán seo faoin dtaighde úr.

D’fhéadfaí “Learning Irish an advantage in labour market – report” a chur ina áit agus bheadh ceannlíne chomh cruinn céanna agat. Nó “Irish language’s historical link with poverty broken – report”. Braitheann sé arís ar an léamh atá agat ar an scéal.

Má tá tú á léamh seo, tá seans maith ann go bhfuil tú níos fearr as ná an gnáthdhuine. B’fhéidir go bhfuil post níos fearr agat ná mar atá ag an ngnáthdhuine nó go bhfuil níos mó oideachais ort ná mar atá ar an ngnáthdhuine.B’fhéidir go bhfuil d’fhón póca líon lán le hainmneacha Ghaeilgeoirí eile an élite nua. Nó b’fhéidir nach bhfuil. Ní foláir, áfach, go bhfuil rud éigin speisialta fút mar gurb ábhar taighde tú ag lucht léinn.

Agus, sea, tá rud éigin speisialta fút mar go bhfuil Gaeilge agat. Tá an méid sin fíor, cuma cén aicme lena mbaineann tú.