Teangacha Ceilteacha

Beidh comhdháil lae ar na teangacha Ceilteacha ar siúl in Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Dé Máirt…

Beidh comhdháil lae ar na teangacha Ceilteacha ar siúl in Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Dé Máirt.

Labhróidh Michelle Nic Leòid, Ollscoil Obar Dheathain, ar "Faoi Scáth Acht na Teanga: Stádas Phleanáil na Gàidhlig in Albain inniu" ag 9.30am agus is é "Ná caith seile ar an urlár agus fás na nua-aoise: staid na Briotáinise" téama na cainte le hÉamon Ó Cíosáin, Ollscoil Mhá Nuad, ag 10.30am.

Beidh Tadhg Ó hIfearnáin, Ollscoil Luimnigh, ag plé chás Ghaeilge Mhanann ag meán lae agus Nicholas Williams, Coláiste na hOllscoile, BÁC, cás na Coirnise ag 2.30pm. Is é Gearóid Mac Eoin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a labhróidh ar an Ghaeilge in Éirinn ag 3.30pm agus Dewi Evans, Coláiste na hOllscoile BÁC a bheidh ag caint ar an Bhreatnais ag 4.50pm.

Eolas: 021-4902314 g.labh@ucc.ie