Teastas Eorpach

Seolfaidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, tionscadal úr teanga, Teastas Eorpach na Gaeilge, d'fhoghlaimeoirí…

Seolfaidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, tionscadal úr teanga, Teastas Eorpach na Gaeilge, d'fhoghlaimeoirí fásta inniu.

Is é an chéad chóras tástála agus teastaithe d'fhoghlaimeoirí fásta riamh é agus is é Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, a d'fhorbair.

Is é is cuspóir leis an teastas cur ar chumas foghlaimeoirí scrúduithe a dhéanamh agus cáilíocht a ghnóthú a mbeidh aitheantas Eorpach aige.

Dúirt stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair: "Tá na mílte ag freastal ar ranganna Gaeilge ach, go dtí seo, ní raibh deis acu cáilíocht mar seo a bhaint amach. Spreagfaidh an córas nua seo go leor daoine le luí isteach ar fhoghlaim na Gaeilge i gceart agus leanúint orthu go dtí deireadh a gcúrsa, seachas fágáil ina lár, mar a tharlaíonn go minic anois.

READ MORE

"I gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, go háirithe, beidh sé ina chuidiú mór d'fhostóirí Gaeilge agus iad i mbun earcaíochta fios bheith acu cén caighdeán atá bainte amach ag iarrthóirí sa teanga."

Beidh scrúduithe ar siúl mí na Bealtaine na bliana seo i Má Nuad. Measfaidh scrúdaitheoirí scileanna éisteachta, léitheoireachta, labhartha agus scríofa na n-iarrthóirí. Is é rún na hollscoile scrúduithe a chur ar fáil in ionaid eile sa tír agus thar lear ó 2006 ar aghaidh. Eolas: 01-7083737 nó language.centre@nuim.ie