Teip scoileanna

Níl ag éirí le hearnáil scolaíochta an Bhéarla mórán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is gá don Stát polasaí nua oideachais…

Níl ag éirí le hearnáil scolaíochta an Bhéarla mórán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is gá don Stát polasaí nua oideachais i leith na teanga a chur i bhfeidhm, a dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh.

Bhí Mac Cárthaigh ag seoladh pholasaí oideachais an Chonartha an tseachtain seo caite agus é ag iarraidh go ndéanfaí "ollchóirithe ar mhúineadh na Gaeilge" ar scoileanna an Stáit. Agus na páirtithe polaitíochta ag ullmhú don olltoghchán, bhí an Conradh ar lorg tiomantais uathu go mbeadh an polasaí seo ina chuid de chlár an Rialtais.

Dúirt Mac Cárthaigh: "... ní éiríonn leis an earnáil scolaíochta Bhéarla, ar a bhfreastalaíonn 90 faoin chéad de scoláirí na tíre, fíorbheagán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is cúis fhrustrachais go minic an siollabas do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí araon.

"Tá na leasuithe atá á moladh againn bunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud na cruinne, agus d'fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm de réir a chéile thar shaolré an chéad rialtais eile agus d'fheabhsóidís as aithne sealbhú na Gaeilge inár scoileanna..."

Tá trí mholadh mhóra sa pholasaí: go múinfí gach ábhar múinteora trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge; go múinfí ábhar amháin de bhreis ar an Ghaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile agus go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge don Ardteist agus don Teastas Sóisearach: Teanga na Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge.

Beidh Aifreann laethúil Gaeilge ar siúl i mBaile Átha Cliath le linn an Charghais. Beidh an tAifreann á rá ag 1.15pm i Séipéal na Sacraiminte Beannaithe, Siúlán Baitsiléara, ón Luan go hAoine. Tosóidh an tAifreann seachtain ón lá inniu.

Tá Ciorcal Caidrimh Cois Tine ag reáchtáil teacht le chéile míosúil i mí an Mhárta, mí Aibreáin agus mí na Bealtaine. Beidh an chéad chaint eile - "Ó Kingstown go dtí an Ciorcal Caidrimh" le Brian Mac Aongusa - ar siúl i gCultúrlann na hÉireann, Baile na Manach, Baile Átha Cliath, Déardaoin 8ú Márta ag 8.30pm.

Beidh Liam agus Nóra Ó Dónaill ag caint ar "Bóthar an tSíoda ó Usbekistan go Beijing" Déardaoin 12ú Aibreán agus labhróidh Moira Uí Lafáin ar "Scríbhneoirí Cáiliúla Áitúla" Déardaoin, 10ú Bealtaine. Ag 8.30pm i gCultúrlann na hÉireann a bheidh an dá chaint sin fosta. Eolas: 01-2802074.