Thaitin se liom

Mar is eol don saol Fódhlach bhí an tOireachtas ar siúl i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, ag deireadh mhí Dheireadh Fhómhair…

Mar is eol don saol Fódhlach bhí an tOireachtas ar siúl i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, ag deireadh mhí Dheireadh Fhómhair, a scríobhann Deirdre Ní Chearra.

Bhí póstaeir thart ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, feicthe agam cúpla seachtain roimh ré: "An Cumann Gaelach - Turas go dtí an tOireachtas." Ní raibh mé riamh ann cheana agus bhí an oiread sin cainte cloiste agam faoin bhféile - scéalta greannmhara, an chraic a bhíonn ann, na comórtais bhréatha - go raibh mé cinnte dearfach nach raibh aon rud chun bac a chur orm dul ann.

Thuig mé go raibh deacrachtaí mic léinn a mhealladh; bhí postanna páirtaimseartha ag formhór dóibh agus, i dtaobh an dreama nach raibh post ar bith acu, ní raibh a ndóthain airgid acu chun íoc as an turas, gan bacadh leis na costaisí eile a bhí le n-íoc againn nuair a shroichfimis an áit. Na déanaigí dearmad, is scoláirí muid!

Chuaigh muid ag an Holiday Inn agus an Mount Errigal an chéad oíche. Is sa dá óstán sin a bhí formhór na n-imeachtaí ar siúl ach ní raibh mórán ag tarlú.

READ MORE

D'eirigh muid go moch Dé Sathairn agus chuaigh muid isteach go luath. Bhí mo dhaideo ó Chonamara, Jimmy Chearra, ag insint scéil agus bhí mé ag iarraidh é a chloisteáil. D'inis sé scéal breá, "Paidín Ó Reaftara agus an Giolla Dubh" ach, faraor, níor bhuaigh sé.

(Coinnigh do mhisneach, a Jimmy, táim cinnte go mbeidh lá eile agat!)

Bhí muid ar fad croíbhriste nuair a chualamar go raibh na ticéid don damhsa ar an sean-nós díolta amach. Díoladh gach uile cheann acu oíche Aoine.

Ní raibh muid ag iarraidh éirí as chomh héasca sin agus, dá bhrí sin, chuaigh muid go dtí an Grianán, áit a raibh na damhsaí le bheith. Bhí muid dóchasach go bhfaigheadh muid cead isteach ann ach bhí slua mór taobh amuigh den fhoirgneamh agus eagraithe an Oireachtais ag cur coisc orainn dul isteach.

Gheall mé dom féin an chéad uair eile go mbeadh níos mó pleanála deánta agam agus go mbeadh ticéid do gach uile shórt faighte agam níos luaithe.

Chuaigh muid go Ardán, seó beo a bhí á láithriú ag Páidí Ó Lionáird, oíche Shathairn sa Ghrianán. Bhain muid pléisiúr as agus tá sé beartaithe againn, dream UCD, dul ag Ardán arís an chéad uair eile a bheidh sé ar siúl i mBaile Átha Cliath.

Ba é oíche Shathairn an oíche ab fhearr agus céilí mór ar siúl. Críoch mhaith ar dheireadh seachtaine iontach. Cé go bhfuil muid ar ais ag an gcoláiste, níl aon imní orainn. Tá a fhios againn nach i bhfad go mbeimid ar bhus arís agus muid sa tóir ar an Oireachtas i gCorcaigh.