Thall is Abhus

Tá athchóiriú déanta ar an suíomh Gaeilge, Gaelport, www.gaelport.com.

Tá athchóiriú déanta ar an suíomh Gaeilge, Gaelport, www.gaelport.com.

Tá eolaire ina bhfuil os cionn 350 suíomh a bhaineann leis an Ghaeilge; cur síos ar na heagraíochtaí deonacha Gaeilge; eolas maidir le cúrsaí reachtaíochta; nuachtlitir leictreonach choicisiúil, i bhfoirm lánGhaeilge nó dhátheangach, chun léitheoirí a chur ar an eolas faoi chúrsaí reatha Gaeilge.


Beidh Aifreann comórtha ag Scoil Lorcáin, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 13ú Samhain ag 8 p.m. Is ag ceiliúradh 50 bliain teagaisc atá an scoil. Lena chois sin, ba mhór leo grianghraif chun taispeántas a eagrú. Eolas: 01-2808906 nó scoillorcain1@eircom.net