Thall is Abhus

An tseachtain seo: Splanc agus Drámaí i mBré

An tseachtain seo: Splanc agus Drámaí i mBré

Splanc

Craolfaidh Newstalk 106, a gcéad chlár Gaeilge riamh Splanc Chéille, Dé Sathairn ag 7 am.

Is iad Éamon Carey agus Ruth Nic Aibhne a chuirfidh an t-irischlár idirghníomhach i láthair agus beidh béim ar leith acu ar chúrsaí i mBaile Átha Cliath.

READ MORE

Ceist eile, ar ndóigh, cé chomh hidirghníomhach agus a bheidh lucht na Gaeilge ar seacht a chlog ar maidin?

Drámaí i mBré

Léireoidh an Béal Binn Amuigh Liom Féin le Dara Ó Conaola agus Ualach an Uaignis le Martin McDonagh (arna aistriú go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile) san oíche amárach agus oíche Aoine ag 8 pm sa Mermaid Arts Centre, Bré, Co Chill Mhantáin. Is é is aidhm leis an Bhéal Binn na healaíona béil a chur chun tosaigh i mBré. Eolas: 01-2745857