Tic toc, tic toc, spriocam ag teacht, tic toc

Tic toc, tic toc, spriocam ag teacht. Bhí an t-am ag an Iriseoir scríobh

Tic toc, tic toc, spriocam ag teacht. Bhí an t-am ag an Iriseoir scríobh. Bhí spás le líonadh; tuairimí le tabhairt; conspóid le cíoradh. Tic toc, tic toc, spriocam ag teacht.

Dhéanfadh sé an rud a rinne sé gach bliain. Scríobhfadh sé píosa faoin Ghaeltacht ó tharla é bheith thiar sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh.

An Ghaeltacht - Gaeilge á labhairt inti go fóill. Hm. Ní líonfadh an méid sin colún. Ba ghá casadh nua a bhaint as; rud inteacht difriúil; rud inteacht spreagúil a rá. Cad é eile a bhí ag tarlú sa Ghaeltacht? Dea-aimsir; Gaeilge á labhairt; féar fiáin ag fás.

Féar fiáin ag fás. Sin ceann nua. Ní raibh tuairisc - go fóill - ag TG4 faoi fhéar fiáin ag fás. Há! Súil eile, cá bhfuil tú?

READ MORE

Ach cuir leis. Cad é a dhéanfadh Alastair Caimbéal le scéal den sórt? Níor leor an féar fiáin ann féin. Cad é an chontúirt a bhain leis an fhéar? Féar fiáin ag fás - asail i mbaol! Sin é. Na hasail bhochta i mbaol an fhéir.

Cad é eile a bhí ag dul? Thiocfadh leis scéal a ghoid ó RTÉ, an scéal sin faoi arracht i loch i gCill Áirne. Sin scéal maith samhraidh, arracht bheith i loch i gCill Áirne.

Nó léirmheas. Ar leabhar nó ar scannán? Bhí Boogie Nights ar TG4. Sin scannán maith. Porn. Cuireann daoine spéis i ngnéas. Ach é a dhéanamh dáiríre. Gan jocanna a dhéanamah faoi, tá a fhios agat, faoi threalamh fir. Ní hé an sórt sin nuachtáin é.

Ba cheart ceisteanna tromchúiseacha a chur faoin chodarsanacht idir stáisiún Gaeilge bheith ag craoladh ábhair den sórt seo; tráchtaireacht a dhéanamh ar na luachanna cultúrtha agus ar an trasnáil a bhí ar siúl idir teangacha agus cultúir. Ach, go tobann, d'éirigh an porn leadránach.

Píosa faoin Tuaisceart, b'fhéidir? Bhí cónaí ar an Iriseoir sa Tuaisceart agus níor spéis leis a chuid polaitíochta.

An Iaráic, b'fhéidir? Nah.

Na heagrais? Cé a léifeadh? Tá siad uilig ar saoire le míonna móra fada. Níor mhaith leis an chic sa tóin a chur amú i bhfásach Lúnasa.

Foras na ... Ní thiocfadh leis an smaoineamh a chríochnú.

Torthaí na hArdteistiméireachta agus na marcanna maithe a fuair daltaí sa Ghaeilge. Thosaigh sé: "Fuair daltaí marcanna maithe sa Ghaeilge, léiriú den..." ach theip ar a mhisneach.

Tic toc, tic toc, spriocam ag teacht, tic toc.