Tine Chnamh thiar

Is é Tine Chnámh le Liam Ó Muirthile mórléiriú samhraidh Thaibhdhearc na Gaillimhe i mbliana

Is é Tine Chnámh le Liam Ó Muirthile mórléiriú samhraidh Thaibhdhearc na Gaillimhe i mbliana. Beidh seanaithne ag léitheoirí an nuachtáin seo ar Ó Muirthile nó shaothraigh sé colún anseo ar feadh 12 bliain.

Tá clú air mar fhile agus cleachtann sé an drámaíocht fosta. Is ar a chéad chnuasach filíochta atá Tine Chnámh bunaithe. Léirigh Amharclann de hÍde an dráma den chéad uair i 1993 ach is é seo an chéad uair ag an Taibhdhearc é a stáitsiú.

Is é Darach Mac Con Iomaire, fear a bhain gradam Stewart Parker anuraidh, a bheidh ag stiúradh an tsaothair agus beidh Diarmaid de Faoite, buaiteoir eile gradam Stewart Parker, Lara Ní Chathmhaoil agus Ann Marie Horan le feiceáil ann.

Beidh Tine Chnámh ar siúl ón Luan 11ú Iúil go dtí an Déardaoin 21ú Iúil i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Gach léiriú ag 8pm. Eolas: 091-562024