Tionol tobainne

Is é an 'flashmob' an léiriú is nuaí de chumhacht an Idirlín

Is é an 'flashmob' an léiriú is nuaí de chumhacht an Idirlín. Ar eagla nach eol duit, cuirtear ríomhtheachtaireachtaí amach chuig daoine ag agairt orthu cruinniú le chéile in aon áit amháin mar mhaithe le spraoi.

Ní mhaireann an tionól tobainne ach roinnt bomaití sula scaipeann an scaifte.

An bhfuil seans ar bith ann go mbeadh na heagrais teanga ábalta an feiniméan nua seo a úsáid agus tionól tobainne a eagrú d'ócáid Ghaelach?

Smaoinigh ar na féidearachtaí - lear mór daoine a chruinniú le chéile in Am Bia nó Trí D agus tabhairt orthu ceapaire a cheannach i nGaeilge nó iad a chur i dtreo an tSiopa Leabhar nó tabhairt orthu Tonnaí Thoraí a dhamhsa ar Shráid Grafton nó clárú le rang Gaeilge nó cuntais bhliantúla a iarrraidh ar Fhoras na Gaeilge?

READ MORE

Samhlaíocht, a eagrais, samhlaíocht.