Toraiocht leabhar

Nuair a bhí an colúnaí seo ag foghlaim Gaeilge ar scoil, ní raibh de phictiúir ar a chuid téacsleabhar ach pictiúr den Earagáil…

Nuair a bhí an colúnaí seo ag foghlaim Gaeilge ar scoil, ní raibh de phictiúir ar a chuid téacsleabhar ach pictiúr den Earagáil ar First Steps in Irish. Bhí an chuma ar an scéal go raibh cosc iomlán ar léaráidí bheith i leabhair.

Leoga, bhí an chuma ar an scéal go raibh cosc iomlán ar leabhair scéalaíochta. Leabhair mhóra throma dhúra a cuireadh ar fáil ar bheag a spreagadh don tsúil nó don aigne. Is mór idir inniu agus inné ...

Leanann Colmán Ó Raghallaigh ar aghaidh lena iarrachtaí samhlaíocha litríocht na Gaeilge a chur faoi bhráid ghlúin nua léitheoirí - le húrscéal eile grafach, An Tóraíocht (Cló Mhaigh Eo, €9), atá fóirsteanach do léitheoirí os cionn 12 bliain d'aois. Bhain Ó Raghallaigh duais Disto anuraidh as a scéal, An Sclábhaí, athinsint ar scéal Naomh Pádraig.

Scéal Dhiarmada agus Ghráinne a insítear san úrscéal nua agus tá an éifeacht chéanna leis an mheascra de théacs agus de phictiúir lándaite le sonrú arís eile. Leabhar beo spreagúil atá anseo a léifeadh déagóirí go fonnmhar.

READ MORE

Tugtar tús áite do na grafaicí ach tá a bhua féin ag an téacs fosta; tá sé simplí gan a bheith páistiúil. D'fhéadfadh déagóir é a léamh gan stró ach bhainfeadh an léitheoir fásta sult as an scéal.

Pictiúrleabhar atá in Crúibín (Cló Mhaigh Eo, €7.60). Liam Prút, file, a scríobh scéal seo an tsearraigh, Crúibín, agus a n-éiríonn leis ina shúgradh sneachtúil. Bernie Prendergast a mhaisigh. Is leabhar é seo a d'fhóirfeadh do léitheoir níos óige ná 12 bliain d'aois. Tá na pictiúir mór daite agus tá an scríbhneoireacht gonta álainn.

Scéalta do pháistí atá in Cathal Coinín agus cairde beaga eile (Cló Iar-Chonnachta, €14) le Gearóidín Breathnach. Is cnuasach taitneamhach scéalta iad seo le bean ar mó a cáil mar amhránaí sean-nóis.

Tá na scéalta féin simplí spéisiúil agus dírithe ar pháistí idir trí agus seacht mbliana d'aois. Thiocfadh le tuismitheoir ar bith tabhairt fúthu gan deacracht.

Ach don té nach bhfuil muinín as a chumas léitheoireachta, tá dlúthdhiosca den údar ag léamh.

Gabh agus ceannaigh. Níl an Nollaig i bhfad uainn!