Tréimhse chorrach roimh S4C

I 1979 vótáil tromlach sa Bhreatain Bheag in aghaidh tionól náisiúnta a chur ar bun

I 1979 vótáil tromlach sa Bhreatain Bheag in aghaidh tionól náisiúnta a chur ar bun. Gheall gach páirtí san iomaíocht i bhfeachtas an olltoghcháin sa bhliain chéanna go mbunóidís stáisiún teilifíse sa Bhreatnais dá rachaidís i gcumhacht.

Bhain Margaret Thatcher uimhir a deich amach, agus bliain ina dhiaidh sin, réitigh Willie Whitelaw le dul siar ar fhocal an pháirtí.

Dá bharr sin, bhagair teachta parlaiminte Plaid Cymru, Gwynfor Evans, dul ar stailc ocrais agus foilsíodh an tAlt Craolacháin a réitigh an bealach do Sianel Pedwar Cymru (S4C) 30 bliain ó shin.

Thosaigh S4C ag craoladh ar an chéad lá de mhí na Samhna 1982, oíche roimh thús chraoladh Channel 4 sa chuid eile den Bhreatain Mhór.

READ MORE

Ba í S4C Channel 4 na Breataine Bige; craoladh cláracha Breatnaise ag buaicamanta agus craoladh rogha cláracha Béarla Channel 4 ag amanta eile sa sceideal.

Ón tús ní dhearna S4C aon chlár dá gcuid féin, fuaireadar an chuid is mó dá gclár trí phróiseas coimisiúnú ó léiritheoirí neamhspleácha, sholáthraigh an BBC agus ITV cláracha eile don stáisiún.

D’eascair tionscal teilifíse sa tír agus meastar anois go bhfuil níos mó ná 2,000 duine fostaithe san earnáil neamhspleách mar gheall ar bhunú S4C.

Toisc nach raibh rialtas dá cuid féin ag an mBreatain Bheag, is é rialtas na Breataine Móire a d’íoc as an stáisiún. I gcomparáid le stáisiúin teilifíse Eorpacha eile, thug na rialtais ó 1982 i leith tacaíocht den scoth don bhealach Breatnaise. Anuraidh, mar shampla, thug an Roinn Cultúir, Meáin agus Spórt níos mó ná £100 milliún do S4C.

Ní caiteachas gan tairbhe a bhí ann. Tá ardchaighdeán le feiceáil ar an scáileán i réimse leathan cláracha agus gradaim idirnáisiúnta bainte amach ag cuid acu. Lena chois sin, déantar jab maith ar chraoladh mór-imeachtaí spóirt agus cultúir náisiúnta na Breataine Bige.

Tá béim faoi leith curtha ag S4C ar dhéantús cláracha do pháistí, go háirithe cartúin. Luíonn an soláthar seo leis an mborradh mór atá tagtha faoi líon na scoileanna agus naíonraí lán-Bhreatnaise a d’fhás ar fud na Breataine Bige le linn S4C bheith ar aer. Ar an iomlán, tá líon na gcainteoirí méadaithe sa tréimhse chéanna.

Ach aineoinn an dul chun cinn atá déanta ag S4C agus an ról speisialta atá aige i saol na teanga agus na tíre, is cosúil go bhfuil cúrsaí polaitíochta agus teicneolaíochta ag teacht le chéile chun an dúshlán is mó a chur ar an stáisiún ó am Thatcher.

Leis an aistriú go córas digiteach an mhí seo, tá S4C agus Channel 4 ag craoladh ar bhealaí éagsúla den chéad uair riamh. Ciallaíonn sin go bhfuil stáisiún ar leith don teanga ach níl cláracha Béarla de chuid Channel 4 ag S4C chun an sceideal a líonadh. Is léir go mbeidh níos mó acmhainní ag teastáil uaidh chun cláracha breise a dhéanamh.

Cheana féin, tá lucht cáinte S4C ag díriú aire an phobail ar laghad an lucht féachana atá ag cuid de na cláracha. Luann siad go bhfuil níos lú ná clár as gach cúig ag mealladh níos mó ná 10,000 duine agus is annamh a fhéachann níos mó ná 100,000 duine ar na cláracha is mó tóir. Deir S4C go bhfuil méadú tagtha ar a lucht féachana sa chéad chuid de 2010 agus baineann na figiúirí ísle le cláracha do pháistí nach bhfuil córaithe i gceart.

Is cúis íoróine í go bhfuil seans ann go mbeadh déabhlóid na Breataine Bige ina cosc ar fhorbairt an stáisiúin. Níl an tionól náisiúnta a bunaíodh sa Bhreatain Bheag i 1997 chomh cumhachtach leis an tionól in Albain ná i dTuaisceart Éireann. Go dtí seo, is le cúrsaí riaracháin a bhíonn sé ag plé don chuid is mó.

I mí Feabhra tugadh cumhacht ar leith don tionól dlíthe a dhéanamh faoi chúrsaí teanga. Ansin i mí Mhárta vótáil an tionól d’aon ghuth reifreann a chur faoi bhráid phobal na Breataine Bige a chiallódh go mbeadh an tionól ag cruthú dlíthe do mhuintir na tíre.

Agus muid ag druidim le holltoghchán go luath, tá caint ann buiséad S4C a chur faoi stiúir an tionóil. Leis an ngéarchéim airgeadais atá ann, ní dócha go mbeadh an tionól sásta an méid céanna airgid a thabhairt don stáisiún Breatnaise agus a thug rialtais éagsúla le beagnach 30 bliain anuas.

Ait le rá, is ábhar sóláis é do thodhchaí na teanga na pobalbhreitheanna is déanaí; léiríonn siad go bhfuil vótóirí sa Bhreatain Bheag i bhfábhar cumhachtaí reachtaíochta a thabhairt don tionól ach níl neamhspleáchas uathu go fóill.