Udaras faoi ionsai

An t-ionsaí a rinne an gníomhaí pobail, Donncha Ó hÉallaithe, ar Údarás na Gaeltachta is mó a spreag caint ón urlár ag an seimineár…

An t-ionsaí a rinne an gníomhaí pobail, Donncha Ó hÉallaithe, ar Údarás na Gaeltachta is mó a spreag caint ón urlár ag an seimineár a d'eagraigh Conradh na Gaeilge ag an Oireachtais, tráthnóna Dé Sathairn, chun cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tá achomharc á dhéanamh ag Ó hÉallaithe faoi láthair mar gheall ar chead a tugadh 20 teach a thógáil i mBaile an Fheirtéirigh, Co Chiarraí, gan riachtanas teanga bheith san áireamh. Bhí sé den tuairim nár cheart go bhfágfaí faoi dhaoine aonair aighneachtaí a chur isteach mar gheall ar chúrsaí pleanála.

D'iarr sé go mbunófaí Áisíneacht Tionchar Teanga chun gach iarratas ar chead pleanála sa Ghaeltacht a scrúdú: "Idir an dá linn, agus muid ag fanacht leis an áisíneacht seo, tá sé riachtanach go dtógfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta freagracht as cosaint na Gaeilge faoin gcóras pleanála sa Ghaeltacht ar an gcaoi chéanna is a dheineann an Roinn Comhshaoil cosaint a thabhairt don dúlra agus don oidhreacht seandálaíochta faoin gcóras pleanála."

Dúirt sé go raibh sé glan i gcoinne cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta: "Níl aon tuiscint ag Údarás na Gaeltachta mar eagraíocht ar chruachás na Gaeilge sa Ghaeltacht agus níl aon fonn ar bhord an Údaráis ... bacanna teanga a chur roimh fhorbairtí a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Ghaeilge sa méid den Ghaeltacht ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid mar theanga pobail."

READ MORE

Ar an ardán fosta bhí an tAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív. Chuir sé béim ar pholasaí an Rialtais ceart bheith ag muintir na tuaithe, nó daoine a bhfuil ceangal acu leis an phobal ann, teach a thógáil ina gceantar féin, bíodh Gaeilge acu nó ná bíodh.

Dúirt sé go raibh a Roinn féin in aghaidh eastáit tithíochta sa Ghaeltacht, gurbh fhearr leo tithe aonair agus bhí sé den tuairim gurbh fhánach bheith ag iarraidh rialacha mar gheall ar riachtanas teanga gan formhór an phobail bheith ag tacú leo.

Lean an chaint ón ardán rófhada. Bhí comórtas Chorn Uí Riada faoi lán seoil sular tugadh cead cainte don lucht éisteachta agus b'éigean don chathaoirleach, Daithí Mac Cárthaigh, teorainn a chur leis.

Díobh siúd a fuair cead cainte is é ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Trevor Sargent, a fuair an bualadh bos is mó nuair a dúirt sé gur cheart bheith chomh docht céanna maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus atáthar faoin chosc ar thobac i dtithe tábhairne.