Up the filí!

SEOLFAR Anois Tacht an Eala: Filí Chorcaí INNTI agus an Réabhlóid Chultúrtha (An Sagart) le Tadhg Ó Dúshláine i Lárleabharlann…

SEOLFAR Anois Tacht an Eala: Filí Chorcaí INNTI agus an Réabhlóid Chultúrtha(An Sagart) le Tadhg Ó Dúshláine i Lárleabharlann na Cathrach, Sráid an Chapaill Bhuí, Corcaigh, san oíche amárach ag 6.30pm.

Dúirt Ó Dúshláine gur mhór aige an t-ionad áirithe seo nó bhí aircív an fhile Michael Davitt sa leabharlann. Ba é a bhí ina leabhar féin “iarracht athghabhála ar oidhreacht na cathrach. “Dav-scoil Chorcaí” seachas “Dámh-scoil Mhúscraí”, más maith leat”.

Tháinig teideal an leabhair as "frustrachas faoi na múinteoirí a bhataráil canóin na tuaithe isteach ionainn, le leithéid Anois Teacht an Earraigh, atá sa teideal Anois Tacht an Eala.Samhlaímse Davitt leis an ndealbh den Echo Boy ar Shráid an Phrionsa, guth dásachtach, más sa bhfásach féin é, agus é ag macallú sa bhfochoinsias, ag múscailt misneach Gael.

“Dearg agus bán na reibiliúnaithe atá air, dar ndóigh, agus mar shuaitheantas, dhá chamán agus liathróid eatarthu. Ach tabhair faoi ndeara nach sliotar, ach caid, atá ann, ag tabhairt le fios gur thugamar an svae leo sa dá chód, idir theanga agus eile. Is é ár n-intinn féin is ár gcló ceart saothar na bhfilí seo INNTI – “poetry, shagging poetry, I kid you not”, faoi mar a dúirt an file eile sin. Téir inti, fáilte roimh chách, faoi mar is dual dúinn.”

READ MORE

Is file agus criticeoir é féin Ó Dúshláine.