Wimbledon ar TG4

Beidh leadóg Wimbledon ar TG4 arís i mbliana

Beidh leadóg Wimbledon ar TG4 arís i mbliana. Cuirfidh an stáisiún tús le craobhacha 2006 Dé Luain agus imreofar na cluichí ceannais Dé Domhnaigh 9ú, Iúil. Beochraolfaidh TG4 na cluichí móra agus beidh tuairiscí rialta ar fáil ar an dul chun cinn i gcluichí eile.

Mar bhreis ar an bheochraoladh, beidh iomlán na himeartha á líonchraoladh ar shuíomh Idirlín TG4 - www.tg4.ie - den chéad uair, áit a mbeidh torthaí, tuairiscí agus ord na himeartha ar fáil fosta. Is iad Aoife Ní Thuairisg, Brian Tyers agus Mac Dara Mac Donncha a bheidh i mbun na tráchtaireachta.

Dúirt Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, gurbh "ábhar ríméid dúinn bheith luaite arís le ceann de mhórimeachtaí spóirt an domhain, ócáid spóirt a bhfuil gean ar leith ag pobal na hÉireann uirthi, idir óg is aosta, mhná, fhir is pháistí, rud ba léir dúinn ó na teachtaireachtaí a fuaireamar ón bpobal féachana faoi chlúdach TG4 anuraidh."