Yu Ming TG4

Bhain dhá ghearrscannán a choimisiúnaigh TG4 i bpáirt le heagrais scannáin eile na príomhdhuaiseanna ag Féile Idirnáisiúnta Scannán…

Bhain dhá ghearrscannán a choimisiúnaigh TG4 i bpáirt le heagrais scannáin eile na príomhdhuaiseanna ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí 2003.Fuair Yu Ming Is Ainm Dom Duais an Lucht Féachana.

Is é Daniel O'Hara a scríobh agus a stiúraigh an scannán agus thug Ocras, scéal faoin Ghorta Mór, an chraobh leis don Stiúrthóireacht is Fearr ar Ghearrscannán Éireannach. Seán Maguire a stiúraigh é.

Insíonn Yu Ming Is Ainm Dom scéal fir óig Shínigh a shocraíonn teacht chun cónaithe in Éirinn agus a fhoghlaimíonn Gaeilge de bharr gurb í an chéad teanga náisiúnta í. Ar theacht i dtír dó, is ábhar iontais dó a laghad daoine a labhrann an teanga.

Tá an scannán le dáileadh i bpictiúrlanna áirithe níos deireanaí i mbliana i bpáirt le scannán nua Jim Sheridan, In America, an tríú huair go bhfuair gearrscannáin TG4 taispeántas tráchtála pictiúrlainne.