€54,600 ceadaithe do CONCOS

Molann McGinley obair na gcoláistí samhraidh

D’fhógair an tAire Stáit i Roinn na Gaeltachta, Dinny McGinley, TD, ar maidin go raibh deontas €54,600 ceadaithe aige do Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh (CONCOS). Mar thoradh ar an deontas seo, beidh CONCOS in ann feidhmeannach forbartha a fhostú go ceann bliana eile.

Dúirt an tUasal McGinley gur thuig sé “chomh tábhachtach agus a bhí tionscal na gcoláistí Gaeilge do chur chun cinn na teanga ar fud na tíre chomh maith leis an leas a rinne siad don Ghaeltacht. Is cinnte go gcuideoidh an deontas seo le forbairt na gcoláistí Gaeilge”.

Cónaidhm is ea CONCOS de 47 coláiste Gaeilge atá lonnaithe taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Bunaíodh an t-eagras in 1968 le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann na gcoláistí Gaeilge agus déanann siad ionadaíocht fosta thar ceann na dteaghlach a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times