Ag fí na bhfocal

Tugann leabhar nua léargas ar dóigh ar shaol file mór le rá


Bhí an t-ádh ar Thadhg Mac Dhonnagáin faoi dhó nuair a bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar na Bliana air ag Oireachtas na Samhna 2015.

Roinntear an duais mhór seo ó Fhoras na Gaeilge idir an scríbhneoir (€3,000) agus an foilsitheoir (€4,000), agus i gcás Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal (Futa Fata, €18.95) is é Mac Dhonnagáin a bhí mar scríbhneoir agus mar fhoilsitheoir. Is é atá taobh thiar de Futa Fata an foilsitheoir atá lonaithe sa Spidéal.

Rugadh agus tógadh Tadhg Mac Dhonnagáin in oirthear Mhaigh Eo i bparóiste tuaithe Achadh Mór atá buailte le Coillte Mach agus rugadh Antaine Ó Raiftearaí (1779-1835) i gCill Liadáin, taobh leis. Ba go Coillte Mach ann a chuaigh Tadhg ar an mheánscoil sna 1970í agus bhíodh tionscnaimh scoile le déanamh aige ar Raiftearaí agus Éigse Raiftearaigh ann go bliantúil ag spreagadh cainte faoin fhile agus faoina chuid filíochta.

"Bhí a fhios agam go raibh Cill Liadáin cumtha aige mar go raibh muintir na háite bródúil as an amhrán sin agus tá fós," a deir sé. "Ta gean ag daoine ar Raiftearaí agus cion acu air. Ceapaim go bhfuil bá acu leis an charachtar atá curtha in iúl sa dán Mise Raifteirí an File, nár chum sé féin, chuile sheans!"

READ MORE

Nuair a chuaigh Mac Dhonnagáin ar aghaidh go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, mar ábhar múinteora, bhí an-suim ag an léachtóir Ciarán Ó Coigligh san fhile agus thug sé sraith léachtaí air agus é ag gabháil fhoinn sna ranganna, rud a chuaigh i bhfeidhm ar Thadhg an ceoltóir gan dabht.

Ansin léigh sé dráma faisnéise a scríobh Críostóir Ó Floinn faoi agus thuig sé ansin go raibh tábhacht náisiúnta leis agus ní tábhacht áitiúil amháin.

D'eisigh Tadhg fadcheirnín le Cló Iar-Chonnacht i 1993, Raifteirí san Underground, ina raibh seanfhile Mhaigh Eo mar inspioráid ag cuid den chumadóireacht chomhaimseartha ag Mac Dhonnagáin.

Mar sin féin, tamall fada ina dhiaidh sin a thug sé faoin taighde air mar ba cheart.

Tugadh an-spreagadh dó nuair a d’iarr an léiritheoir teilifíse Seán Ó Cualáin air script a scríobh do chlár teilifíse i 2010 agus é a chur i láthair. Thosnaigh sé ar charnadh agus scagadh an eolais faoin fhile clúiteach an t-am sin agus lean sé dó ó shin.

Bhí an méid sin daoine a labhair leis faoin chlár teilifíse i ndiaidh a chraolta, gur thug sé uchtach do Mhac Dhonnagáin tumadh níos doimhne sa taighde chun na bearnaí a bhí sa chlár a líonadh. Ní raibh aon leabhar iomlán ann faoi shaol an fhile a d’inis iomlán an scéil agus bheartaigh sé tabhairt faoi cheann a scríobh.

Nuair a luigh sé isteach ar thaighde a dhéanamh ar Raiftearaí, fuair sé amach nach raibh méid millteanach fíricí ar fáil faoi. Bhí cuntas beag i mBéarla ag James Hardiman a raibh aithne phearsanta aige air (agus a thug Ó Rafeartaigh air) agus bhí tráchtaireacht ag lucht liteartha ar chuid de na dánta.

D’fhill Mac Dhonnagáin ar na dánta a bhí luaite le Raiftearaí agus thosaigh sé á léamh go grinn i gcuideachta eolas ar stair na filíochta agus stair an Iarthair.

“Bhí me ag iarraidh na dánta a bhain lena thréimhse féin agus le polaitíocht na tréimhse a chur i gcomhthéacs agus fíricí na staire a bhain leis an tréimhse sin a chur in iúl.

“Fuascailt na gCaitliceach, cuir i gcás, scríobh sé dán faoi Ó Conaill ag tathaint ar dhaoine tacú le Ó Conaill agus an cíos Caitliceach a íoc. Scríobh sé caoineadh faoi Anthony Daly, duine de na Fir Ribíní a crochadh in 1820. Nuair a chuir mé na dánta agus an stair le chéile, thosaigh an leabhar agus an duine ag fás amach ón chreatlach a bhí agam ag an tús.”

“B’éard a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh sa leabhar, pictiúr casta a chur in iúl,” a mhíníonn sé, “nár dhuine séimh, ciúin, ceolmhar a bhí ann a bhí ag fánaíocht thart go sásta gan an saol bheith ag cur as dhó. Bhí spioradáltacht ag baint leis ceart go leor.

“Ach duine a bhí ann a bhí thar a bheith feargach ar go leor bealaí; duine a bhí cantalach, deacair agus casta ina phearsantacht. Bhí mé ag iarraidh an duine daonna a aimsiú agus an duine daonna sin a chur in iúl.”

Tá toradh na hoibre sin ar fáil anois mar leabhar ina gcuirtear an fhilíocht, an stair agus an duine daonna inár láthair le samhlaíocht agus le fonn.