Ag iarraidh ciall a bhaint as na seanfhocail

Nuair a bhíonn an tús lag, coinnimis orainn


Bíonn gach tús lag. Tús maith leath na hoibre.

Tagann seanfhocail mar seo chun cuimhne na laethanta seo agus tús díreach curtha le scoilbhliain nua.

Más fíor don chéad cheann, beidh tús lag curtha isteach againn faoin dtráth seo, agus an dara seachtain de Mheán Fómhair ar tí tosnú.

Dearcadh diúltach éadóchasach ar an saol atá ann, mar sin, agus é ag tabhairt le fios, go cinniúnach, go mbíonn gach tús lag. Tá sé intuigthe gur cuma cad a dhéanann an duine chun a mhalairt de thús a bheith ann.

READ MORE

Ach má tá sé duairc éadóchasach, tá sólás éigin ann chomh maith sa mhéid is go dtugann sé le fios nach orainne atá an locht an tús a bheith lag.

Nuair a théann an tús sa bhfraoch orainn, is é an tús féin is cúis leis, seachas sinne.

Bíonn gach tús lag, agus ní gá aon náire a bheith orainn ina thaobh. Agus b’fhéidir nach mbeadh an chéad iarracht eile chomh lag.

Déarfá mar sin go raibh idir éadóchas agus dóchas ag baint leis an seanfhocal. Tharlódh go mbeadh sé ina ábhar misnigh amanna, agus ina ábhar lagmhisnigh amanna eile, ag brath ar an duine nó ar an ócáid.

Ina choinne sin, is mó den ‘dubh agus bán’ a bhaineann leis an dara ceann. Gríosú atá ann, gan aon éiginnteacht, ag dearbhú go laghdaíonn tús maith an obair a bhíonn le déanamh.

Agus cé nach ndeirtear é, tá sé intuigthe gur féidir linn tús maith a bhaint amach, ach tabhairt faoi i gceart.

Dearcadh dearfa atá ann mar sin. Níl le déanamh ag an duine ach dul i ngleic agus dul in iomaíocht.

Dhealródh sé mar sin, gur dhá léamh contrártha ar an tús, atá sa dá sheanfhocal. Go deimhin, más fíor don chéad cheann, ní bheidh aon bhunús leis an dara ceann. Níl an dá sheanfhocal ar aon fhocal, mar a déarfá.

Sa chás sin, cén bhrí atá le baint astu ?

Cinnte, is maith ann é an sólás agus an dóchas atá le tuiscint sa chéad cheann.

Más dearbhú é go mbíonn dúshláin ann ag an tús, tá cosaint ann dúinne ón díomá nó lagmhisneach a bheadh mar ghnáthchuid de thús dá leithéid. Coinnimis orainn agus is féidir linn teacht aniar.

Is féidir linn.

An Brúsach

Shamhlófá é seo in aigne Robert the Bruce (an Brúsach) agus é istigh i bpluais ar teitheadh ó na Sasanaigh in 1314.

Agus é ina luí sa dorchadas, thug sé faoi deara damhán alla os a chionn a bhí ag iarraidh líon a fhí. Rinne sé iontas den tslí inar choinnigh an damhán alla air, in ainneoin go raibh ag teip air le gach iarracht.

Ach d’éirigh leis ag an deireadh, agus chuir sé sin misneach san Albanach. Fuair sé féin an lámh in uachtar ar na Sasanaigh go gairid ina dhiaidh sin.

Léiriú é seo ar an gcéad sheanfhocal, agus conas is féidir le diongbháilteacht an duine an lagmhisneach a iompó ina mhisneach.

Más cosaint mar seo a shamhlaímid leis an gcéad sheanfhocal, is mó d’ionsaí a bhaineann leis an dara ceann.

Meabhraíonn sé gur fiú dícheall breise a chaitheamh ag an tús, chun an obair a laghdú. Is fearr sin, seachas fanacht go dtí níos déanaí, mar is mó an t-aisíoc a bheidh ann, an dua a chaitheamh ag an tús, seachas níos déanaí.

Is fearr, mar shampla, dua a chaitheamh le dea-nósanna a bhunú ar dtús, seachas fanacht go dtí go mbíonn taithí ag éinne ar dhrochnósanna.

Ní bhíonn an rath ach mar a bhíonn an smacht, agus is fiú smacht a chur orainn féin chun an tús maith a bheith againn.

Chuige seo, bíonn gá le hullmhú in am trátha agus, go fiú, a bheith céim amháin chun tosaigh. B’sin mar a rinne an Brúsach nuair a chuaigh sé i mbun gnímh ag Bannockburn.

Agus é ag scríobh faoi chúrsaí teanga, mhol Jacques Derrida sna 1960í nach mbíonn brí na bhfocal a úsáidimid chomh socair agus chomh cinnte agus a shamhlaímid.

Éalaíonn an bhrí uainn, agus is deacair breith uirthi.

Tá an mhíshocracht seo le feiceáil mar shampla, sna malairtí a úsáidimid, mar a choniceamar sa phéire, ‘misneach’ agus ‘lagmhisneach,’ thuas, agus an tslí ina bhfuil an dá fhocal fite fuaite.

Is iomaí brí, mar sin, is féidir a bhaint as an dá sheanfhocal.

Léamh amháin, ar aon chuma, a sheasfaidh linn sna seachtainí atá romhainn, ná go bhfuil meascán de chosaint agus ionsaí ag teastáil.

Nach é an t-ionsaí an tslí is fearr cosanta, agus an tslí eile timpeall?

Nuair a bhíonn an tús lag, coinnimis orainn agus bímis réidh chun dul i mbun gnímh leis an gcéad dea-iarracht eile.

Is Léachtóir Sinsearach i nDámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, é an Dr Cathal de Paor