Aistear na háirce

Eachtra lán iontais san Aetóip

Iúdach dubh, de bhunadh na hAetóipe, a casadh air i gcathair Iarúsailéim, a spreag an t-iarcheannfort airm, Frank Reidy, chun dul sa tóir ar Áirc an Chonartha san Aetóip.

Is cosúil go ndeachaigh achar ama thart sular éirigh leis sin a dhéanamh.

Idir an dá linn, léigh sé a lán faoi stair na hAetóipe agus faoin áirc, an soitheach óir inar coimeádadh, de reir an tseantiomna, na Deich nAitheanta a thug Dia do Mhaois.

Is de thoradh an turais agus an taighde agus cabhair choimisiúin ó Chlár na Leabhar Gaeilge an leabhar maisiúil, Seal san Aetóip – sa Tóir ar Áirc an Chonartha (Cló Iar-Chonnacht).

READ MORE

Murab ionann agus tíortha eile oirthear na hAfraice, ar tháinig an Chríostaíocht chucu sa 19ú haois ar shála na gcoilínithe, tá an Chríostaíocht i réim san Aetóip ón 4ú haois agus, mar a bhí in Éirinn i luathré na Críostaíochta, í bunaithe ar chóras na mainistreacha.

Iargúlta
Tá na mainistreacha don chuid is mó lonnaithe in áiteanna iargúlta ar loch nó ar bharr sléibhe agus níor bheag an taisteal a bhí le déanamh ag Reidy chun cuairt a thabhairt orthu.

Tá bua focal aige, mar is eol d’éisteoirí Raidió na Gaeltachta agus d’éirigh thar cionn leis cur síos glé grinn a dhéanamh ar atmaisféar agus áilleacht na mainistreacha, agus ar na seoda eile ealaíne agus ailtireachta a chonaic sé ar a thuras.

Is de dhlúth agus d’inneach saol an phobail deasghnátha an chreidimh Ortadacsaigh agus iad an-mhórtasach as an cheangal a chreideann siad a bheith idir an Aetóip agus an Bíobla.

Tá litríocht ársa na tíre in Ge'ez , atá fós in úsáid mar theanga liotúirgeach na heaglaise.

Cuireann na griangraif a thóg sé féin go mór leis an insint maraon leis na léaráidí beaga pinn ar leathanaigh dialainne a rinne an dearthóir Philip Barret. Ní dóigh liom, áfach, go gcuireann an athinsint ghrafach ar scéal Sholaimh agus Sheaba agus Scéal an Chaifé leis an leabhar.

Dá fheabhas iad na graificí ní réitíonn an stíl leis an chuid eile den leabhar.

Áirc a aimsiú?
Ar éirigh le Reidy Áirc an Chonartha a aimsiú?

Is iomaí teoiric atá ann faoin áit ina bhfuil an áirc iomráiteach seo, a bhí i dtaisce ag an Rí Solamh sa teampall in Iarúsailéim ach nach raibh tásc na tuairisc air nuair a scrios na Bablónaigh an teampall thart faoi 600 R.C.

Creideann Críostaithe na hAetóipe gur fuadaíodh ó Sholamh í agus gur i séipéal beag i gcathair Aksum i dtuaisceart na tíre atá sí go fóill.

Bhí Reidy i bhfoisceacht 100 slat den séipéal sin ach, faraor, bhí an doras dúnta agus ní raibh cead ag duine ar bith seachas coimirceoir na háirce í a fheiceáil!

Ach murar éirigh le Reidy an áirc féin a fheiceáil chonaic sé go leor macasamhlacha nó tabotat a bhíonn á gcoimeád faoi ómós i sanctóir gach séipéil.

Fuadach
Is díol suime cuntas an údair ar na 15 ceann a fuadaíodh as baile Maqdala i dtuaisceart na tíre sa bhliain 1868 agus atá anois i músaeim éagsúla i Sasana.

Tá feachtas ar bun faoi láthair chun iad a thabhairt ar ais don Aetóip.

Ach, mar a deir an t-údar, ach oiread le Elgin Marbles na Gréige, níl fonn ar rialtas na Breataine géilleadh.

Níl an t-údar dall ar an iliomad teoiricí eile faoin áit a bhfuil Áirc an Chonartha agus luann sé an iarracht a rinneadh ag tús na haoise seo caite chun í a aimsiú ar Chnoc na Teamhrach.

Tosaíonn an chaibidil dheiridh agus é ar ais in Iarúsailéim sa bhliain 2011 agus cuntas aige ar an achrann a d'eascair as iarrachtaí seandálaithe Iúdacha an áirc a aimsiú faoin Bhalla Thiar sa chathair ársa sin.

Polaitíocht
Mar a deir sé: "In Iarúsailéim tá an pholaitíocht agus an tseandálaíocht fite fuaite ina chéile."

Leanann cur síos suimiúil ansin ar áiteanna eile sa Tír Naofa a dtug sé cuairt orthu agus ar an stair agus an pholaitíocht a bhaineann leo ach nach mbaineann, dar liom, le téama an leabhair.

Críochnaíonn sé, áfach, ar ais in Iarúsailéim ag an naoú stáisiún ar Thuras na Croise mar a bhfuil baile na nOrtadocsach Aetópach.

D’inis sé do na manaigh faoina thuras ar an Aetóip agus cuireadh comhairle a leasa air.

Theastódh an dara nó an tríú léamh chun do chuid féin a dhéanamh dá bhfuil d’eolas suimiúil sa leabhar seo ach is fiú an dua.

Tá léargas tuisceanach géarchúiseach le fáil ann ar ghnéithe áirithe de stair agus sheanchas mhuintir na hAetóipe agus a gceangal leis an Iúdachas.