Aistriúcháin Ghaeilge ar litríocht na hIodáile

Is dócha gur fearr aithne ag lucht na Gaeilge ar Matt Hussey mar fhear mór na heolaíochta. Tá cion fir déanta aige ag saothrú ghort na Gaeilge agus na heolaíochta le fada fada an lá.

Mar sin féin, is cosúil nach fada go mbeidh aithne acu air mar fhear mór an aistriúcháin agus mar fhear mór na hIodáilise.

Tá trí leabhar mhóra de chuid litríocht chomhaimseartha na hIodáilise aistrithe go Gaeilge aige: An Tábla Peiriadach (Il sistema periodico) le Primo Levi; An Grá Pósta (L’amore coniugale) le hAlberto Moravia agus Luascadán Foucault (Il pendolo di Foucault) le hUmberto Eco.

Leoga, beagnach bliain ó shin a fuair Eco bás agus cuirfidh an oíche seo cloch eile ina charn liteartha.

READ MORE

Tá lucht léitheoireachta ag an triúr údar fud fad na cruinne agus aitheantas acu dá réir sin mar údair mhóra na linne seo.

Údair mhóra

Tabharfaidh na leabhair nua seo léargas ar a saothar don léitheoir Gaeilge: an Iodáil faoi na faisistithe; scéalaíocht faoi chúrsaí mistéireachta, scríbhneoireachta agus gnéis.

Coiscéim a d’fhoilsigh na leabhair ar fad agus is é colúnaí an Irish Times, Alan Titley, a sheolfaidh na trí leabhar seachtain ón lá inniu in Institiúid Iodálach Chultúir, 11 Cearnóg Mhic Liaim Thoir, Baile Átha Cliath 2, ag 4.30pm.

Fáilte roimh chách agus beidh na leabhair ar díol le linn na hócáide.