An Eoraip agus an Ghaeltacht

Deontais le forbairt a dhéanamh ar chúrsaí scannáin agus teilifíse

Bhronn an Eoraip Chruthaitheach deontas €200,000 ar Telegael Teo. i nGaeltacht Chonamara chun cuidiú leo forbairt a dhéanamh ar scannáin agus ar chláracha teilifíse nua faoin scéim tacaíochta MEDIA Slate Funding.

Tá sé i gceist ag an scéim Slate Funding tacú le comhlachtaí closamhairc Eorpacha atá le scannáin agus cláracha teilifíse a fhorbairt don mhargadh idirnáisiúnta. Tá ocht gcomhlacht Éireannacha i measc an 74 comhlacht Eorpach a fuair tacaíocht faoin scéim seo i mbliana. Tá €250,000 ar fad faighte ag na comhlachtaí Gaeltachta Magamedia, Soilsiú agus Telegael ach an maoiniú forbartha do thograí aonair a fógraíodh an mhí seo a chur san áireamh.

Dúirt Eibhlín Ní Mhunghaile, ceannasaí oifig eolais MEDIA don Eoraip Chruthaitheach i nGaillimh, go raibh áthas orthu go raibh “comhlachtaí Gaeltachta agus comhlachtaí in Iarthar na tíre ag baint tairbhe as an gclár nua seo. Tús maith leath na hoibre agus táimid ag súil go mbeidh tuilleadh dea-scéala le fógairt go luath.”

Is clár tacaíochta don tionscal closamhairc Eorpach é an Fo-Chlár MEDIA atá mar chuid den mhórchlár An Eoraip Chruthaitheach a thosaigh ar 1ú Eanáir 2014 agus a leanfaidh ar aghaidh go dtí 2020. Eolas: www.creativeeuropeireland.eu

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times