An leor 17,000 duine chun an Ghaeltacht a shlánú?

An bhfuil gathanna dóchais le feiceáil?

FOCLÓIR: Creimeadh - erosion, seachmall - neglect, duairc - gloomy, gathanna - rays, feasach - knowledgeable, fiontraíocht - enterprise, geábh - flying visit.

Is iomaí tuar, taighde agus tuarascáil a foilsíodh leis na blianta anuas inar tugadh rabhadh géar do mhuintir na hÉireann faoi thodhchaí lom na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Míbhuntáiste”, “creimeadh”, “seachmall”, “cur i gcéill” agus “neamhaird rialtais”. Go minic is iad siúd na focail agus na habairtí a luaitear.

Ach, an mbeadh bonn ar bith leis an síor éadóchas dá mba rud é gur glacadh leis ó thús an stáit i leith gur phobail bheo teanga iad muintir na Gaeilge agus na Gaeltachtaí?

READ MORE

Is iad siúd—muintir phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht - atá faoi chaibidil i ndhá chlár faisnéise atá dhá chraoladh ar TG4.

Gaeltacht 2020 - lomchlár na fírinne

I ‘Gaeltacht 2020’ - clár atá ina dhá chuid - tugann an t-iriseoir Eibhlín Ní Chonghaile léargas tuisceanach agus feasach ar staid reatha na gceantar Gaeilge atá aitheanta mar Ghaeltachtaí ó 1926 i leith.

Déantar plé ar na téamaí is mó a luaitear sna tuarascálacha oifigiúla agus acadúla. Téamaí iad seo dar ndóigh atá go maith ar eolas ag éinne a bhac riamh le haird ar bith a thabhairt ar staid na nGaeltachtaí.

Ach cuireann Ní Chonghaile beocht ar leith san ábhar trí thús áite a thabhairt do na scéalta pearsanta atá taobh thiar de mhórscéal teanga na linne.

Tús sách duairc a chuirtear leis an gclár.

“Nil fágtha sa Ghaeltacht anois ach thart ar sheacht míle dhéag duine a labhraíonn í ó dhubh go dubh lá i ndiaidh lae taobh amuigh den chóras oideachais.”

Dar ndóigh, tá ceisteanna agus téamaí móra le plé: Céard go díreach í an Ghaeltacht? An cur i gcéill atá ina cuid teorainneacha oifigiúla agus an bhfuiltear ag cur in iúil go bhfuil sí níos fairsinge ná mar atá?

Cén fáth go bhfuil ceantair Ghaeltachta fós i measc na gceantar tuaithe is boichte? Céard atá ag déanamh buartha dóibh siúd atá ina gcónaí iontu?

An bhfuil gathanna dóchais le feiceáil agus céard iad na beartais atá de dhíth?

Cuireann Ní Chonghaile tús lena turas ar leithinis Uíbh Ráthach i gCo Chiarraí agus théis dí geábh a thabhairt ar Thír Chonaill agus Mhaigh Eo críochnaíonn sí ar an gCeathrú Rua i gConamara. Le linn a camchuairt tugann sí léargas maith ar na fadhbanna atá ag bagairt ar shaol na Gaeltachta.

Ach tugtar léargas freisin ar na tionscail agus gnólachtaí atá ag dul ó neart go neart. Nó a bhí go dtí gur tháinig an Covid-19 inár measc.

Déantar plé ar thionchar an laghdú daonra, an dochar a dhéanann easpa seirbhísí do chaighdeán maireachtála na ndaoine, an cur i gcéill agus cur amú airgid agus acmhainní a bhaineann le bréag-theorainneacha na Gaeltachta.

Dírítear ar dhíláithriú pobal freisin agus na deacrachtaí a bhíonn ag muintir na Gaeltachta a bhíonn ag iarraidh tithe a thógáil ina gceantair féin ainneoin gur minic go mbíonn an ceantar céanna brataithe le tithe saoire.

Tá sé deacair gan aontú le Donncha Ó hÉallaithe nuair a deir sé go bhfuil sé in am a bheith réadúil faoi cá bhfuil an Ghaeltacht. Dhá uireasa sin, “beidh sé an-deacair dul i ngleic leis na fadhbanna teangeolaíochta atá iontu”

Ach tá gathanna dóchais ann.

Tugann Ní Chonghaile cuairt ar chomhlachtaí ar nós Randox Teoranta i nDún na nGall, ar Choláiste Uisce i Maigh Eo agus ar Folláin, comhlacht a tháirgíonn subh i nGaeltacht Mhúscraí.

Tá siad seo tar éis a chruthú, nuair a chuirtear chuige nach gá do óige na Gaeltachta na ceantair bhaile a fhágáil chun poist d’ard chaighdeán a fháil.

Ach tá baic ann dar ndóigh, agus b’fhéidir go bhfuil cur chuige comhtháite agus níos mó comhordaithe ag teastáil ach dá mbeadh breis tacaíochta ar fáil chun féith na fiontraíochta sna pobail seo a mhúscailt, ní fios cén dul chun cinn a dhéanfaí.

Agus í ag caint le Tuarascáil, thug Ní Chonghaile le fios nach bhfuil aon cheist faoi ach go bhfuil géarghá dul i ngleic leis an éigeandáil.

Tagann sí leis an méid a dúirt an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh nuair a dúirt sé léi nach plean teanga atá ag teastáil “ach plean slánaithe agus athnuachan phobal teanga”.

“Tá muid tar éis ceiliúradh leathchéad bliain a dhéanamh ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus tá sé in am anois againn breathnú ar sin arís” ar sí.

“Tá an nós sin ann a bheith ag fanacht le daoine ón taobh amuigh chun rudaí a réiteach dúinn.”

“Caithfidh sé a theacht uainn féin. Má tá muid ag iarraidh réiteach ar éigeandáil na Gaeltachta caithfidh muintir na Gaeltachta é a dhéanamh dóibh féin.”

“Nuair a chasann tú leis na daoine féin, agus nuair a fheiceann tú an méid atá siad ag iarraidh a bhaint amach agus a láidriú, nuair a chuireann tú aithne ar na daoine atá sna ceantair sin, agus ar an bpobal cé go bhfuil sí beag, bheifeá ag rá leat féin: ba mhór an trua ligean lena leithéid dul le sruth.

“Má tá daoine chomh maith leo sin ag feidhmiú sna pobail éagsúla, tá údar dóchais ann.”

Saol Trí Ghaeilge

Feictear an spiorad dochloíte céanna sin go smior iontu siúd sa dara clár atá le craoladh ar TG4 ar an 6ú Bealtaine.

Clár eile de chuid TG4 é ‘Ciara Ní É - Saol Trí Ghaeilge’ ina ndéanann an file Baile Átha Cliathach iniúchadh ar shaol na Gaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí aitheanta.

Díríonn sí aird ar an gcóras oideachais agus na dúshláin atá go rí-shoiléir inti.

“Bhí fís agamsa i gcónaí agus mé 17 agus 18 go dtiocfadh an t-am go mbeinn in ann Gaeilge a labhairt gach lá agus feicim anois go bhfuil an-chuid deacrachtaí ag baint leis sin,” mar a dúirt Ní É agus í ag caint le Tuarascáil.

Téann an file siar ar cuairt ag Coláiste Lurgan in Indreabhán na Gaillimhe, casann sí ar mhic léinn Choláiste an Phiarsaigh i Rath Fearnáin agus bíonn comhrá aici le Colm O’Rourke, iar pheileadóir na Mí atá ina phríomhoide ar mheánscoil agus a deir léi go bhfuil ‘institutional assassination’ déanta ag an gcóras oideachais ar an teanga.

“Feiceann muid ar fad go bhfágann daoine na Gaelscoileanna ach nach labhraíonn siad Gaeilge arís,” a dúirt sí.

Téann sí ar a camchuairt féin agus braitheann sí ar an gcéad glúin eile leis an scéal a insint.

Téann sí ag Pop-Up Gaeltacht in éindí le hOsgur Ó Ciardha agus le Peadar Ó Caomhánaigh. Tugann sí cuairt ar Ghaeltacht Bhéal Feirste áit a gcasann sí ar Sheán Ó Muireagáin, Sheán Mac Seáin,  agus ar Phadaí Ó Tiarnaigh agus freastalaíonn sí ar agóid glórach agus bríomhar de chuid an Dream Dearg ann.

Tugtar cuairt freisin ar phobal spreagúil Chairn Tóchar áit a gcasann sí le Gráinne Ní Chatháin, Joe Ó Dochartaigh agus Niall Ó Catháin.

Casann sí ar Rossa Ó Snodaigh agus tugann sí cuairt ar  An Puball Gaeilge ag Electric Picnic.

Fite fuaite sa chlár tá samplaí d’fhilíocht Ní É agus í ag reic dháin ag Electric Picnic agus ar chósta a baile dúchais.

Mar fhreagra ar bhuncheist an chláir, an féidir saol a chaitheamh trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, deir sí gur “snámh in aghaidh easa atá ann go cinnte,” ach gur féidir é a bhaint amach ach “iarracht a dhéanamh!”

Tá sé soiléir le fada go bhfuil todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta ina seasamh go guagach ar chiumhais na haille.

Dar ndóigh taifeadadh an dá chlár seo roimh an éigeandáil is déanaí agus ní fios cén tionchar a bhéas ag an ráig ghalar ar chúrsaí turasóireachta agus fiontraíochta sna Gaeltachtaí ach go háirithe.

Ach, is dócha gurb é an cheacht is mó atá le foghlaim ón dá chlár inmholta seo ná gur pobail bheo teanga iad muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta agus nach bhfuil mórán ann nach bhfuil ar a gcumas a dhéanamh.

Níl gá ach éisteacht leo.

Agus, mar a dúirt Ciara Ní É mar fhocal scoir ar a clár, “Níl an cogadh thart.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.