‘An líon is airde gearán’

Caithfidh an Stát bheith sásta a chuid féin d’ualach na teanga a iompar


Inniu a sheol mé Tuarascáil Bhliantúil na hOifige agus léirítear ann go bhfuair m’Oifig an líon is airde gearán riamh ar aon ábhar sonrach amháin ó bhunú na hOifige sa bhliain 2004. Bhain na gearáin sin le dáileadh an phóstchóid náisiúnta Eircode. Mar thoradh ar shraith gearáin a fuair mé ón bpobal le linn na bliana seo caite sheol mé imscrúdú ar an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus chinn mé gur sháraigh an Roinn sin dualgas reachtúil teanga le linn sheoladh Eircode

Ba de thoradh ainmneacha, sloinnte agus seoltaí a bheith aistrithe go Béarla, le linn dháileadh an Eircode, is mó a rinneadh gearáin leis an Oifig ina leith. Tharla an méid seo in ainneoin nár ghnách leis na gearánaithe a bhí i gceist ach a n-ainm agus a seoladh a bheith i nGaeilge. Chinn mé gur sháraigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha dualgas reachtúil maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta nuair a seoladh an Eircode chuig sealbhóirí tí sa Ghaeltacht le seoltaí a bhí i mBéarla.

Creidim gur buncheart céannacht duine a bheith aitheanta ina rogha teanga oifigiúil i ngnóthaí an Stáit. Faigheann m’Oifig cuid mhaith gearán maidir le deacrachtaí a bhíonn ag daoine a n-ainm agus seoladh a úsáid i nGaeilge le forais éagsúla an Stáit. Léiríonn sé seo an géarghá atá le leasú ar an reachtaíocht chun cosaint a thabhairt d’úsáid ainm agus seolta i gcéadteanga oifigiúil an Stáit agus go bhfeidhmeofaí ar an moladh a rinne m’Oifig ar an ábhar seo breis agus cúig bliana ó shin.

Mar gheall ar an lúb ar lár seo a bheith sa reachtaíocht ní raibh ar mo chumas réiteach sásúil a fháil ar na gearáin sin a bhain le hainm agus sloinne daoine a bheith aistrithe go Béarla agus an Eircode á sheachadadh.

READ MORE

I measc na bhfigiúirí is suntasaí sa Tuarascáil Bhliantúil do 2015, an chéad bhliain iomlán dom a bheith ag feidhmiú mar Choimisinéir Teanga, tá an t-ardú beagnach 80 faoin gcéad ar líon na gcomhairlí a cuireadh ar chomhlachtaí poiblí. Cuireadh tús in athuair anuraidh le seisiúin eolais ghinearálta do chomhlachtaí poiblí agus bhí an-éileamh ar na seisiúin sin.

Léiríonn an tuarascáil chomh maith gur ó dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht a tháinig trí cheathrú de líon iomlán na ngearán chuig Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh. Tháinig beagnach leath do na gearáin ón Ghaeltacht uaidh dhaoine i nGaeltacht na Gaillimhe.

Tugaim aird ar cheist achrannach na hearcaíochta i mo réamhrá sa Tuarascáil Bhliantúil. Léirigh sraith ceisteanna Dála i mí Aibreáin nach raibh ach 10 gcinn den 8,367 post atá i ndeich Roinn Stáit faoi láthair aitheanta mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo agus nach bhfuil oiread is post amháin aitheanta mar phost ‘Gaeilge’ ag cuid mhaith de na Ranna Stáit.

Táim den bharúil go n-ardaíonn a laghad post atá á shainaithint lena bhfuil riachtanais Gaeilge ag baint leo ceisteanna tromchúiseacha maidir le toil an Stáit seirbhísí a sholáthar ar comhchaighdeán sa dá theanga oifigiúla.

Bheifí ag súil le ceannaireacht ó Ranna Rialtais agus ó na hOifigí is mó tábhacht leo sa Stát maidir le seirbhís eiseamláireach a sholáthar i dhá theanga oifigiúla an Stáit.

Is eol dúinn ar fad nach féidir seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge ach amháin nuair a bhíonn dóthain daoine ar fáil chun na seirbhísí sin a sholáthar. Is beag is fiú a bheith ag bunú painéil earcaíochta do dhaoine leis an gcumas oibriú i nGaeilge agus i mBéarla mura bhfuil rólanna straitéiseacha aitheanta ina féidir leis na daoine sin oibriú iontu.

Bhí mo chéad chruinniú agam leis an Aire Stáit nua do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne le déanaí agus chuir mé mo chuid moltaí maidir le hAcht neartaithe ina láthair.

Mhol mé go dtabharfadh aon Bhille a d’fhoilseofaí aird ar na moltaí a tháinig chun cinn ón gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, ón bpróiseas comhairliúcháin phoiblí, ó chur i láthair atá tugtha agam ar fheidhmiú an Achta do choistí Oireachtais agus ón tráchtaireacht a d’fhoilsigh a Oifig ar oibriú fhorálacha an Achta. Tá sé mar théama coitianta i ngach ceann acu sin go neartófaí an tAcht reatha.

Tá cáineadh rialta déanta agam ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga sa Stát seo. Creidim go bhfuil gá tionchar chóras na scéimeanna a laghdú agus níos mó béime a leagadh ar dhualgais dhíreacha chaighdeánacha, leis na dualgais is troime á leagadh ar na comhlachtaí poiblí is mó a bhfuil teagmháil acu leis an bpobal.

Tá iarrtha agam freisin go gcuirfear foráil dhíreach in Acht na dTeangacha a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit a bhíonn ag obair sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair aitheanta sin.

Faoi láthair tá pobail ar fud na gceantar Gaeltachta i mbun phróiseas pleanála teanga.

Mar atá cúrsaí ag an tráth seo níl aon dualgas reachtúil caighdeánach ar an Stát a cuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sna pobail Ghaeltachta.

Ní sé inmharthana go mbeifí ag súil leis na pobail Ghaeltachta níos mó a dhéanamh ar son úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sna pobail áitiúla mura bhfuil an Stát sásta a cuid féin den ualach a iompar.

Is é Rónán Ó Domhnaill an Coimisinéir Teanga