An ríl deal le fáil in albam nua mhuintir Mulcahy

Moltar clann an cheoil


Nach iontach mar a tháinig an ceol traidisiúnta slán? Ní raibh sé faiseanta ar feadh fada go leor ach bhí go leor ceoltóirí cumasacha agus grúpaí glórmhara ann lena gcuid féin a dhéanamh den cheol. Diaidh ar ndiaidh, rinne siad cinnte de nach bhféadfaí neamhiontas a dhéanamh den ghné seo de chultúr na hÉireann.

Sea, is iomaí sin stíl agus scéal a bhaineann leis an cheol thraidisiúnta. Tá sciar amháin den cheol le fáil san albam nua seo le Mick, Louise agus Michelle Mulcahy, The Reel Note (Cló Iar-Chonnacht), athair agus iníonacha a bhfuil bua an cheoil acu triúr. (Molaim an teideal, dála an scéil!)

Tá ríleanna, poirt, cornphíopaí agus eile anseo agus an bocsa ceoil, píopaí uilleann, fidil, pianó, cláirseach, feadóg mhór agus tuilleadh le cluinstin i measc na n-uirlisí a mheallann ceol as an aer.

Chuirfeadh an ceol seo oíche mhór sa teach tábhairne is ansa leat i gcuimhne duit. Grúpa oilte eolach, iad ag cur le chéile, an t-iomlán léir ag tógáil do chroí, ag gríosú na gcos chun damhsa.

READ MORE

Níor cheart barraíocht brú a chur ar an cheol, is dócha. Níor cheart ró-anailís a dhéanamh ar an draíocht ach is é seo an fíornóta, an ríl deal. Mar sin féin, don té ar spéis leis tuilleadh eolais, tá leabhrán dátheangach le fáil leis an dlúthdhiosca agus fios gach feasa le fáil ann ar a bhfuil le cluinstin.

Bíodh an focal scoir ag an cheoltóir, Mick O’Connor, agus é ag scríobh sna nótaí clúdaigh: “Ceol den chéad scoth atá ar an dlúthdhiosca seo, gan aon sioncoipiú ná cleasaíocht ná aon chur isteach eile a d’fhéadfadh teacht idir an ceol agus an t-éisteoir. Is é atá ann, togha an cheoil, á sheinnt go paiteanta ag scoth na gceoltóirí ar iliomad uirlisí ... Gura fada buan iad muintir Mulcahy.”

Gura fada,cinnte!