An Spiorad Naomh agus Superman

Is deartháireacha agus deirfiúracha ar comhchéim muid ar fad

Cothrom an ama seo anuraidh a insealbhaíodh Cairdinéal Jorge Mario Bergoglio na hAirgintíne ina Phápa, Íosánach a roghnaigh an t-ainm Proinsias. Bhí nuacht ag baint leis an dá rud sin agus ábhar mórtais faoi leith ag dhá ord rialta dá mbarr.

Tuilleadh nuachta ab ea Pápa nár de bhunadh na hEorpa é agus a réamhtheachtaí a bheith fós ina bheatha.

Ach an rud a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine a luaithe a bheannaigh sé don slua a bhí bailithe ar Chearnóg Pheadair, chomh nádúrtha a bhí sé mar dhuine.

Má b’aisteoir é Eoin Pól II agus intleachtóir cúthail Benedict XVI, nuair a tháinig sé os comhair na ndaoine sa sútán bán amháin, ba chomhartha é umhlaíocht phraiticiúil a bheith mar shaintréith ag an bPápa Proinsias, tréith tarraingteach a thugann chun cuimhne tús na Críostaíochta.

READ MORE

Tharla turas na Cásca chun na Róimhe a bheith beartaithe againn.

Dhá uair a bhí mé ann go dtí sin. Sna déaga ar oilithreacht rothaíochta le cairde agus sna 30idí sa charr, an bheirt againn agus triúr in aois scoile. Anois ag ceiliúradh ár 30ú bliain le chéile bhí muid ag filleadh asainn féin ar eitleán.

Is iomaí cúis a bheadh ag duine dul chun na Róimhe, ach chinneamar tús áite a thabhairt d'iontaisí nach bhfaca muid cheana, ceal ama nó eolais.

Comóradh
Ó chomóradh 400 Imeacht na nIarlaí i 2007 bhí a n-uaigheanna i S. Pietro in Montorio ar an liosta. Cé go bhfeicfimis in imeacht naoi lá sa Róimh agus sa cheantar máguaird, cúpla ceoldráma, mórán ealaíne agus iarsmaí ó Pompeii chomh fada ó dheas le Paestum, nó Poseidonia lena bhunainm Gréagach a thabhairt air, mar gheall ar cheangal stairiúil na bProinsiasach le hÉirinn agus Proinsias a bheith ar an bPápa, bheadh snáth donn an oird fite i dtaipéis ár dturais.

Mar fhreagra ar cheist faoi iarsmaí Gaelacha sa Róimh fuaireamar dhá mholadh agus cuireadh. Builín agus beannacht mar a déarfá.

A dúirt an tOllamh Mícheál Mac Craith a bhí aistrithe le deireanas ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, go S. Isodoro na Róimhe gurb fhiú smaoineamh ar Santo Stefano Rotondo, áit a bhfuil Donnchadh, mac le Brian Bóroimhe adhlactha agus S. Onofrio a bhfuil cur síos breá déanta ag Tadhg Ó Cianáin air, agus nach féidir le Gael teacht chun na Róimhe gan S. Isidoro a fheiceáil, an coláiste Proinsiasach a bhunaigh Luke Wadding do Ghaeil sa bhliain 1625.

Mar a mhínigh Mícheál is ó na Spáinnigh a fuaireadar an foirgneamh leatógtha agus a tháinig an t-ainm, a coinníodh faoi na Gaeil agus Naomh Pádraig mar chomhphátrún. Portráidí móra maorga de Phádraig agus de Bhríd gach aon taobh den doras agus rainn i nGaeilge leo, an chéad rud a fheiceann cuairteoirí.

Chuir Wadding roimhe, ó thaobh an oird de, cur chun cinn an léinn agus ó thaobh na hÉireann de, ár naoimh agus ár dteanga dhúchais a chur i láthair an domhain mhóir.

Suáilcí
Taobh istigh tá altóir na ceithre shuáilce le Bernini, fear a dhear Cearnóg Pheadair agus a bhí ar ailtirí na Baislice, réamhbhlaiseadh d'Aoibhneas N. Treasa i S.Maria della Vittoria agus dá dhealbhdóireacht le téamaí clasaiceacha sa Villa Borghese.

400 bliain roimh Wadding agus a chairde, a bhfuil freascónna breátha díobh timpeall an Aula Magna in S.Isodoro, a mhair Naomh Proinsias féin; bunaitheoir an oird, a ainmníodh mar naomh in 1228, dhá bhliain tar éis a bháis ina bhaile dúchais Assisi.

Cúpla uair an chloig ar traein ón Róimh agus bhí muid ar an mbaile sléibhe seanbhunaithe seo, a bhfuil séipéal don Mhaighdean Mhuire i gcreatlach Theampaill Minerva.

I bhfad sula sroichfidh tú an baile feicfidh tú, mar a bheadh aill ard os do chomhair amach Mainistir na bProinsiasach a bhfuil 53 áirse ard Rómhánach faoi.

Taobh thiar de seo atá Baisleac Phroinsias a bhfuil cáil air mar luathshampla d’ailitireacht ghotach na hIodáile, le foshéipéal sa stíl Rómhánach, agus thar aon rud eile na freascónna a chuirtear i leith Giotto, a chuir tús arís le péintéireacht ón mbeatha. Seanchas a bhaineann le saol Phroinsias a léirítear iontu.

Rud a thugann ar ais muid chuig an Phápa Proinsias.

Ag tagairt dó le gairid do thuairiscí, ar sheanchas nó finnscéalta anois iad geall leis, go n-éalaíonn sé amach san oíche i ngnáthéadach ag tabhairt déirce do na boicht, dúirt sé nár Superman é.

Luaigh sé tuairim Freud gur rud bagrach idéalú nach bhfuil bunús fírinne leis.

Léiriú eile fós ar an umhlaíocht a facthas an chéad lá, agus tuiscint ar bhrí an fhocail sin, is é sin nár cheart a dhéanamh amach go bhfuil éinne níos fearr nó níos measa ná tú féin mar gur deartháireacha agus deirfiúracha ar comhchéim muid ar fad.