An spioróg, an clamhán agus an pocaire gaoithe cois locha

Éanacha creiche fud fad na háite


Spioróg! Os mo chomhair agus í ag eitilt go réidh i dtreo an locha. Lá deifre níl uirthi. Tá fios a gnóithe aici seo, í ag bogadh go formhothaithe thar an fál. An dtiocfaidh na héin bheaga slán? Níl fiacha ort cuairt a thabhairt ar mhachairí móra na hAfraice. Seo an tseilg ar siúl in Éirinn, an bás ag eitilt go ciúin.

Clamhán! Faoi chúpla míle den spioróg a fheicim é. Maidin chiúin gheimhridh atá ann agus níl ag éirí go maith leis an t-aer a cheapadh faoi na sciatháin mhóra sin. Is go drogallach atá an clamhán ag eitilt in airde. Níl a fhios agam nach dtiocfaidh fonn air géilleadh don domhantarraingt. An fiú an tairbhe an trioblóid? Millte atá mé, a deirim liom féin, dhá éan creiche a fheiceáil chomh luath sin i ndiaidh a chéile. Leanaim liom.

Pocaire gaoithe! An tríú héan creiche. Ina sheasamh ar chuaille teileagraif atá sé. Amharcann sé anuas a shrón orm; cá háit eile a bheinn? An dtiocfaidh luchóg ar bith slán inniu? Seans. Oiread chéanna leis an chlamhán, tá an chuma ar an phocaire gaoithe nach bhfuil fonn chun eitilte air. Níl an ghaoth láidir ar maidin. Giolla na leisce de phocaire gaoithe atá ann. Tá an cuaille teileagraif deas compordach.

Trí éan creiche feicthe agam faoi dheich míle dá chéile.

READ MORE

Tá an oiread sin éan agus ainmhithe thart orainn ach amharc.

Ag Mícheál Ó hAirtnéide na línte: “mise an t-éan is an t-ainmhí/clúmh agus fionnadh/ainmhí éanúil aonarach aonta mise...”