An tOirthear Ársa agus an tSamhain

Tá turas go dtí domhan úrnua le fáil in Oirthear Ársa an lae inniu


Anois teacht an Fhómhair, beidh an oíche ag dul chun síneadh (mo bhuíochas don Raiftearach). Agus tá Féile na Samhna linn. Ní fada uainn Bob nó Bia – páistí gléasta suas, aghaidh fidil agus feisteas á gcaitheamh acu chun eagla a chur ar gach éinne.

Ach ní hiad na páistí amháin a bheidh ag iarraidh teacht i dtír ar an eagla. Tá fógraíocht ar siúl ag Fáilte Ireland le tamall anois ar an Oirthear Ársa, á mholadh mar shuíomh do thamall saoire i rith na Samhna.

Agus tá béim á chur ar an eagla san fhógraíocht chun na turasóirí a mhealladh.

Eagla agus saoire?

READ MORE

Ní minic a shamhlófá le chéile iad. Taitneamh agus sábháilteacht, cinnte.

Ach eagla?

Baineann sé le straitéis turasóireachta gan amhras. Más iad an fiántas, an cósta creagach agus na sléibhte sceirdiúla a shamhlaímid leis an tSlí Atlantach Fhiáin, is í an oidhreacht daonna atá á cur chun tosaigh san Oirthear Ársa, agus, taobh istigh de sin, an scéaltóireacht.

Tá tagairt san fhógraíocht do “thalamh ghlas mhéith” an réigiúin, ach molann Fáilte Éireann gurb é feabhas na scéaltóireachta a ghabhann leis an oirthear a dhéanann idirdhealú idir é, mar rogha turasóireachta, agus áiteanna eile.

Táthar ag áiteamh mar sin go gcuirfidh na finscéalta, an stair, an seanchas, agus an béaloideas leis an sásamh agus an taitneamh atá le baint as turas sa taobh sin tíre. Is dá bharr seo a eagraíodh ceardlanna sa scéalaíocht anuraidh, mar shampla, chun cabhrú leis an bpobal an ghné seo den oidhreacht a chur chun cinn sa turasóireacht.

Taobh istigh den oidhreacht sin, baineann cuid mhaith scéalta le féile na Samhna, féile atá á ceiliúradh ó tháinig na Ceiltigh chun na tíre seo an chéad uair.

Idirthréimhse a bhí san fhéile, suite idir deireadh na bliana agus tús na chéad bhliana eile.

Chreid na Gaeil chomh maith, ag an tráth seo bliana go raibh siad ar an tairseach idir an domhan seo agus an domhan neamhshaolta.

Neamhshaolta

Bhí sé éasca dá bharr, trasnú go dtí an domhan neamhshaolta. Agus bhí sé fíor chomh maith an tslí eile timpeall; b’fhéidir do na sióga teacht inár measc ón domhan osnádúrtha. Chuir an chóngaracht seo idir an dá dhomhan leis an scleondar agus an eagla i measc an phobail.

Agus tá éileamh ar an sórt sin taithí na laethanta seo – éalú ón ngnáth agus dul ag tóraíocht agus ag taiscéaladh i ndomhan diamhair.

Chuir dorchadas an gheimhridh leis an diamhracht chomh maith. Fiú mura mbaineann sé leis an tSamhain, tá léiriú maith ar an gceangal sin (idir an dorchadas agus an diamhracht) sa dán, Na Coisithe le Liam S. Gogan.

Spreagtar ceisteanna in aigne an fhile faoi na coisithe agus iad le clos ag siúl amuigh:

I gcoim na hoíche cloisim iad,

Na coisithe ag siúl,

Airím iad, ní fheicim iad,

Ní fios cá mbíonn a gcuaird.

An daoine iad nach sona dhóibh,

Nó anama i bpunc?

Nach aoibhinn dóibh an t-ionad sin

’Na gcónaíd go buan?

Agus samhlaítear anama i bpunc, taibhsí agus sprid on domhan neamhshaolta le féile na Samhna chomh maith.

A mhalairt de shaol ónár saol féin atá i gceist leis an domhan neamhshaolta seo, rud a thugann an mhír dhiúltach ‘neamh’ le fios.

Ní hiad na flaithis thuas ar ‘Neamh’ atá i gceist ar ndóigh. Ní hea, ach an gnáthshaol a bheith curtha ar ceal leis an rémhír ‘neamh’.

Ní leathnú é ar ár ndomhan féin, ach a mhalairt de dhomhan.

Bhí sé de bhua ag an draoi anallód teangmháil a dhéanamh leis an saol malairteach osnádúrtha seo. A bhuíochas sin do na cumhachtaí draíochta a bhí aige.

Agus bhí an file léannta ábalta léargas a thabhairt don ghnáthphobal ar an domhan neamhshaolta seo i bhfoirm véarsaíochta.

Úsáideadh an scéalaíocht chomh maith céanna chun an lucht éisteachta a thógáil ar thuras go dtí domhan úrnua.

Tá turas go dtí domhan úrnua le fáil in Oirthear Ársa an lae inniu chomh maith, trí bhíthin na scéalta, maraon leis na radhairc agus fuaimeanna a ghabhann leo.

Má bhíonn an siúlach scéalach, mar a deirtear, beidh deis ag an turasóir dul ag siúl agus ag scéaltóireacht in éineacht, ar shlí seo na hársaíochta. Is léachtóir sinsearach ar Choláiste Mhuire gan Smál é Cathal de Paor