An troika a fuair an ticéad

Is focal é Troika a shamhlófar sa tír seo i gcomhthéacs na gruamachta go deo na ndeor, a scríobhann Caoimhe Ní Laighin. Ar ndóigh, is carr sleamhnáin de chuid na Rúise é chomh maith. Agus port an-deas a scríobh Sergei Prokofiev. Ach ní
smaoineoidh mise feasta ar aon rud eile seachas Cluiche Ceannais na Peile, 2013 ar an bhfocal Troika a chloisteáil.

Ag seasamh i scuaine in Aldi a bhíos nuair a thosaigh sé, ag smaoineamh ar an méid samhnais atá agam ar an gcine daonna. Chuala mé ag blíp ar an iPhone. Tvuít a bhí ann, ag rá “is féidir liom cuidiú leat”.

Ach an oiread le gach duine eile i mBaile Átha Cliath, bhíos sa tóir ar thicéad don chluiche mór idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo. Bhí ag teip glan orm. Cuid den lucht leanúna “dea-aimsire” atá ionamsa. Mar sin, ní bheinn ró-ard ar an liosta agus ticéid á dtabhairt amach.

Chuireas scéal amach dúirse dáirse ar Facebook agus Twitter go raibh ticéad ag teastáil uaim.

READ MORE

Ach ní rabhas ag súil le haon toradh air sin, i ndáiríre; níl an oiread sin muiníne agam as daoine i gcoitinne. Mar sin, bhain sé siar asam nuair a fuair mé an tvuít in Aldi.

Fear a bhfuil cónaí air i nGaillimh agus nach bhfuil aithne ar bith agam air a chuir an teachtaireacht chugam. Tabharfaidh muid “Eoghan” air – mar sin an t-ainm atá air.

“Tá ticéad ag m’uncail”, arsa Eoghan, “agus ní dóigh liom go bhfuil sé i gceist aige freastal ar an gcluiche.”

Fuair Eoghan an ticéad óna uncail agus aghlaidhluach air. Bheadh sé ag teacht salach ar fhealsúnacht an CLG, a dúirt sé, níos mó ná sin a ghlacadh.

Ach bhí fadhb le sárú: ní raibh Eoghan sásta é a chur sa bpost.

Ansin a tháinig Leola isteach sa scéal…..an tarna duine den triúracht seo.

Comhghleacaí de mo chuid atá inti agus bhí sí le dul go Baile Átha Cliath ó Ghaillimh an lá roimh an gcluiche. Thiomáin sí as a bealach leis an ticéad a bhailiú ó Eoghan.

Ach bhí dúshlán ní ba mhó arís le sárú: bhíos in ainm is a bheith ag obair lá an chluiche mhóir. Ní dóigh liom go mbeidh mé i dtrioblóid rómhór ag rá nach bhfuil an seomra nuachta i gceannáras an chraoltóra náisiúnta ag cur thar maoil le daoine gur féidir leo feasacháin a léamh i nGaeilge. Agus bhí foireann na nuachta Gaeilge i mBaile Átha Cliath uilig gafa lá an chluiche.

Ach dá deoin féin, thiomáin comhghleacaí eile de mo chuid – Máire Treasa – ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath leis an seal oibre a chlúdach.

Ar ndóigh, bhí an lá (agus an-lá) ag foireann agus muintir na hardchathrach.

Ach dom féin, bhí an lá le dea-thoil mo Troika. Agus go ceann seachtaine nó dhó ar a laghad, beidh mé ceanúil ar gcine daonna agus ní bheidh fonn orm daoine i scuainí a mharú.

Is iriseoir de chuid RTÉ/TG4 í Caoimhe Ní Laighin