Ar ais ar scoil i gceartlár an tsamhraidh

Tagann saineolaithe agus aineolaithe le chéile chun cainte


Ní túisce ceann amháin críochnaithe nuair a thosaíonn ceann eile. Cuireadh clabhsúr le cúrsaí sna Gleannta i dTír Chonaill an tseachtain seo caite, agus inné a osclaíodh an teacht le chéile i Sligeach. Scoileanna samhraidh atá i gceist agam.

An chéad cheann dírithe ar an scríbhneoir Patrick MacGill agus saol comhaimseartha na hÉireann; saol agus saothar W.B. Yeats mar ábhar plé sa dara ceann.

Scoil agus samhradh – dhá fhocal nach samhlófá le hais a chéile in aon chor.

Ach dhealródh nach mbíonn an scolaíocht riamh as séasúr. Mar seo séasúr na scoile samhraidh.

READ MORE

I mórán de bhailte na hÉireann, i rith Iúil agus Lúnasa, beidh glaoch chun na scoile le clos, formhór acu ainmnithe i gcuimhne ar dhaoine a raibh baint acu leis an gceantar áitiúil agus a bhain cáil amach – Hopkins, Parnell, Carleton, Merriman agus a leithéid eile.

Bíonn trácht sna meáin (craolta, sóisialta, i bprionta, nó go deimhin féin, ó bhéal go béal) ar chuid acu níos mó ná chéile.

Dhealródh gur mó aird a thugtar ar na scoileanna sin ina mbíonn cúrsaí reatha á bplé, mórcheisteanna na linne a bhíonn tráthúil, agus a chothaíonn spéis, agus achrann b’fhéidir.

Cabhraíonn an liosta cainteoirí chomh maith chun aird a tharraingt, dá iomráití iad is ea is fearr, agus iad tagtha ó raon de chúlraí – lucht acadúil, polaiteoirí, ceannairí gnó, pobail, eaglaise agus araile. Agus i bhfad ón ngnáthláthair oibre dóibh, is minic a deirtear rud éigin nach mbíonn coinne leis, an tagairt, mar shampla, don reifreann ar athaontú na hÉireann a rinne an Taoiseach sna Gleannta.

Bíonn meascán maith le fáil sa lucht éisteachta chomh maith – daoine ar mhórán nó beagán tuisceana ar an téamna atá á phlé, saineolaithe nó aineolaithe.

Roinnt turasóirí nó lucht déanta saoire chomh maith. Agus san áit a mbíonn an meascán agus an ilghnéitheacht seo, bíonn úire agus grinneas sa díospóireacht.

Tá fuílleach spáis sa churaclam scoile, abraimis, don chlár sóisialta – siamsaíocht oíche, sciúirdeanna lae, agus araile.

“Seachtain de léachtaí, d’imeachtaí, de chraic is de chaidreamh” atá geallta ag Daonscoil na Mumhan i bPort Láirge mar shampla.

Maidir leis na scoileanna a dhíríonn go speisialta ar an gceol, bíonn múineadh foirmeálta mar dhlúthchuid. I Scoil Samraidh Willie Clancy, taobh leis na seisiúin agus na comórtais, agus na léachtaí, gheobhaidh tú ranganna san amhránaíocht, sa damhsa, agus sna huirlisí.

Gné thábhachtach den scolaíocht samhraidh is ea an ceangal idir an scoil agus an baile áitiúil, agus imeachtaí na scoile a bheith scaipthe mórthimpeall an bhaile agus an cheantair, seachas iad a choimeád lonnaithe in aon fhoirgneamh amháin.

Prionsabal seanbhunaithe na foghlama sa ghnáthscolaiocht is ea é sin – timpeallacht na scoile a bheith ina áis foghlama don fhoghlaimeoir. Cén fáth nach mbeadh sé amhlaidh sa scoil samhraidh? Cuireann sé oidhreacht an duine atá á chomóradh i gceartlár shaol an bhaile.

Agus bíonn buntáiste ann don lucht gnó. Go deimhin féin, tá sé de nós ag Soil Samhraidh Merriman i gCo. an Chláir an baile ósta a athrú go bliantúil. Scoil scairte cheart a déarfá.

Is léir go bhfuil ról tábhachtach ag an scoil samhraidh i gcomhthéacs na foghlama fadsaoil.

Bíonn idir fhoghlaim fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta ann in éineacht; meascán den trom agus éadrom; compord agus sos le fáil ó fhuadar an tsaoil, ach ragairne na hoíche chomh maith dóibhsean ar mhaith leo é; clár eagraithe le raon imeachtaí, ach spás ann do na tarlúintí gan coinne.

Bíonn féachaint siar agus feachaint ar aghaidh ann chomh maith sa mhéid is go mbíonn comóradh ar oidhreacht ar thaobh amháin, agus, cur is cúiteamh ar chúrsaí na linne agus an todhchaí ar an lámh eile.

Tá se de bhua ag an scoil samhraidh go speisialta go gcothaíonn sé idirghníomh idir daoine, grúpaí agus earnálacha, nach dtarlódh, murach sin, agus gur saibhre í an fhoghlaim dá bharr.

Ag féachaint romhainn, dúshlán a bheidh ann ná a chinntiú go méadaítear ar an meascán de dhaoine a ghlacann páirt.

Ach tá céimeanna á dtógaint sa treo sin.

Ar aon dul leis an scolaíocht sa bhunscoil nó sa mheánscoil, tá an scolaíocht samhraidh tar eis teacht i dtír ar an nua-theicneolaíocht.

An tseachtain seo caite, mar shampla, b’fhéidir breathnú ar na seisiúin MacGill 2016 beo ar an idirlion i bhfad ó na Gleannta. Bhí mórán giolcaireachta ar siúl ar Twitter chomh maith, le #magillsummerschool (gan an ‘c’ dála an scéil).

Is aoibhinn beatha an scoláire, agus tá riar maith den aoibhneas sin le fáil sa scoil samhraidh is cóngaraí duit.